Nassau, na Bahámaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Radharc saitilíte ar Nassau agus Paradise Island

Príomhchathair Chomhlathas na mBahámaí is ea Nassau. Tá sé suite ar chósta thoir thuaidh an Oileán New Providence, agus tá an chuid is mó den oileán faoi thionchar Nassau anois de bharr fhás agus fhorbairt na cathrach. Tá geilleagar Paradise Island, giota beag soir ó thuaidh ó Nassau, ceangailte go dlúth le Nassau agus 6,000 duine fostaithe ann.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Chuir Eorpaigh fúthu san áit ina bhfuil Nassau san 17ú haois. Chuir na Spáinnigh an chéad lonnaíocht le tine sa bhliain 1684. Athbhunaíodh an lonnaíocht arís sa bhliain 1695.

Ní raibh mórán daoine ina gcónaí ann go dtí Cogadh na Saoirse Mheiriceá nuair a thosaigh dílseoirí ag dul a chónaí ann. Thug na mílte díobh go dtí oileáin na mBahámaí le linn agus i ndiaidh an chogaidh úd agus thug siad a gcuid sclábhaithe leo. Chuir a lán de na dílseoirí plandálacha ar siúl ar New Providence.

Sráid Bay i Nassau

Tháinig ráth ar na Bahámaí san am sin agus tógadh breis is 2,000 de thithe breátha i Nassau. D'fhág sin a gcló ar ailtireacht Nassau go dtí an lá atá inniu ann. Ghabh na fórsaí Meiriceánacha seilbh ar Nassau ar feadh tamaill ghairid i 1776, agus d'ionsaigh siad an baile arís i 1778.

Tháinig na Spáinnigh an athuair sa bhliain 1782, ach theip orthusan chomh maith. Nuair a chuir na Briotanaigh an sclábhaíocht ar ceal sa bhliain 1807 cuireadh a lán daoine saortha ina gcónaí sna Bahámaí, Nassau san áireamh, mar ar chuir a lán daoine gorma fúthu sna comharsanachtaí intíre, i ndeisceart na cathrach.

Cuid de na longa a thugann na mílte turasóirí isteach go Nassau

Inniu tá 259,300 duine ina gcónaí i Nassau.