Aerfort Chorcaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Aerfort Chorcaí
  • IATA: ORK
  • OACI: EICK

Íomhá
Ainmnithe in ómósCorcaigh
Sonraí
CineálAerfort idirnáisiúnta, aerfort agus aeradróm tráchta tráchtála
Foirgníocht1961 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla16 Deireadh Fómhair 1961 Cuir in eagar ar Wikidata
Áit ar a bhfreastalaíonn an mol iompairCorcaigh
Tréith
Staid úsáidein úsáid
Airde os cionn na farraige502 ft
Rúidbhealach
Ábhar foirgníochta
16/342,133 m45 masfalt
07/251,310 m45 mcoincréit
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Féitheán, Éire
Map
 51°50′29″N 8°29′28″W / 51.841388888889°N 8.4911111111111°W / 51.841388888889; -8.4911111111111
Gníomhaíocht
ÚinéirRialtais na hÉireann
OibreoirÚdarás Aerfort Bhaile Átha Cliath
Cuairteoirí2,387,806 (2018)
Suíomh gréasáin oifigiúilcorkairport.com
Instagram: corkairport Cuir in eagar ar Wikidata

Aerfort idirnáisiúnta Éireannach is ea Aerfort Chorcaí (IATA: ORK, ICAO: EICK). Osclaíodh an t-aerfort ar an 16 Deireadh Fómhair 1961. Sa bhliain 2010, bhain 2.4 milliún duine úsáid as an aerfort,[1] agus 2.2 milliún in 2022.[2]

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an t-aerfort suite ocht gciliméadar ó lár Chathair Chorcaí, agus cóngarach do shuíomh na haerpháirce a bhí ann roimhe sin, ar a dtugtaí Farmer's Cross.[3]

Rinne réamh-bhreathnadóireachtaí meitéareolaíochta ag an suíomh seo i 1946-47[4]. Tá an suíomh tugtha do cheo. Tarlaíonn seo siocair a shuímh gar don chósta theas agus a airde os cionn leibhéal na farraige.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’oscail an t-aerfort i mí Dheireadh Fómhair 1961.

Meitéareolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar dtús, ní dhearna breathnadóireacht ach amháin ar iarratas. Ansin, chóir dheireadh 1961 rinneadh iad ar bhonn 24 uair agus mar sin bhí an stáisiún mar pháirt de líonra sionoptach na Seirbhíse Meitéareolaíochta.

Osclaíodh rannóg réamhaisnéise do chuspóirí eitlíochta sa bhliain 1966 agus de réir mar a mhéadaigh an t-éileamh ar réamhaisnéisí ginearálta, cuireadh isteach seirbhís uathoibríoch aimsire teileafóin. Dhún an rannóg réamhaisnéise eitlíochta sa bhliain 1988, agus ghlac an Lároifig Eitlíochta ag Aerfort na Sionainne freagracht as na réamhaisnéisí.

Gnó[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an geilleagar réigiúnach ag brath go mór ar eitiltí ó Aerfort Chorcaí. Ach níl ag éirí go maith le hAerfort Chorcaí cheana féin. Tháinig milliún níos lú daoine tríd an aerfort seo sa bhliain 2016 ná mar a tháinig in 2008.[5] Sna blianta 2010 agus 2022, bhain 2.2-2.4 milliún duine úsáid as an aerfort. Ach mhéadaigh Aerfort Bhaile Átha Cliath líon na bpaisinéirí faoi dhó beagnach idir 2009-2022.

Faoi láthair, is ag taisteal go Heathrow nó ar ais a bhíonn aon trian de phaisinéirí Aerfort Chorcaí - sin sé mhíle duine gach seachtain

Cinn scríbe[cuir in eagar | athraigh foinse]

AerlínteCeannphointí
Aer Lingus Amstardam, an Bhruiséil, Lanzarote, Londain-Gatwick, Londain-Heathrow, Málaga, München, Páras-Charles de Gaulle

Séasúrach: Alicante, Barcelona, Faro, an Ghinéiv, Gran Canaria, Liospóin, Nice, Palma de Mallorca, an Róimh-Fiumicino, Salzburg, Tenerife-Deisceart

Aer Lingus Regional
á oibriú ag Aer Arann
Birmingham, Briostó, Dún Éideann, Glaschú-Idirnáisiúnta, Manchain

Séasúrach: Geirsí, Roazhon

Jet2.com an Caisleán Nua
OLT Express Bydgoszcz [ag tosú 30ú Deireadh Fómhair]
Ryanair Fuerteventura, Lanzarote, an Lár-Réigiún Thoir [ag atosú 1d Meán Fómhair], Learpholl, Londain-Gatwick, Londain-Stansted, Málaga, Tenerife-Deisceart

Séasúrach: Alicante, Bordeaux, Carcassone, Faro, Girona, Gran Canaria, La Rochelle, Milano-Bergamo, Palma de Mallorca, Pisa, Reus

Thomson Airways Séasúrach: Lanzarote
Wizz Air Gdańsk, Katowice, Poznań, Vársá-Chopin [ag chríochnú 16ú Iúil], Vársá-Modlin [ag tosú 20ú Iúil], Vilnias, Wrocław

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Aerfort Chorcaí - "Facts and Figures"
  2. "Cork Airport Welcomed 2.24 Million Passengers In 2022 And Is On Track For Very Strong Recovery In 2023". www.corkairport.com. Dáta rochtana: 2023-10-16.
  3. "Farmer's Cross" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2023-10-16.
  4. "met.ie". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-03-08. Dáta rochtana: 2016-10-16.
  5. Vifax maynoothuniversity.ie/ (7 Eanáir 2015). "Cinniúint Aer Lingus". Dáta rochtana: 16 DF 2023.