Aeradróm Mhic Easmainn
Jump to navigation
Jump to search
Is aeradróm suite i gContae Átha Cliath Theas é Aeradróm Mhic Easmainn, lonnaithe i mBaile Dhónaill, thart ar 16 Km siar siar ó dheas ó Chathair Bhaile Átha Cliath, agus 94m os cionn leibhéal na farraige.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Tógadh an chéad aerpháirc sa bhliain 1917.
- D’oscail an t-aerfort sa bhliain 1922. Ar dtús reáchtáil beirt phíolótaí ón Aerfhórsa Ríoga an t-aerfort[1].
- Ceannaíodh an chéad eitleán a fuair an tAerchór chun an Ginearál Micheál Ó Coileáin a thabhairt ar ais ó na caibidlí maidir leis an gConradh Angla-Éireannach dá mba ghá.
- Ar an 12 Aibreán 1928 rinneadh an chéad trasnú ar éirigh leis ó Oirthear go hIarthar an Atlantaigh. Ba é Baile Dhónaill an pointe imeachta don eitilt seo (bhí an Ceannfort James Fitzmaurice, Oifigeach Ceannais an Aerchóir, ar dhuine den chriú).
- 1964. Bhunaigh an tSeirbhís Meitéareolaíochta stáisiún sionoptach iomlán.
Aimsir[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Bíonn níos lú ceo ag Aeradróm Mhic Easmainn ná mar a bhíonn ag Aerfort BhÁC.
- Bhí ráthanna sneachta ag Aeradróm Mhic Easmainn le linn an gheimhridh sna 1960idí, 1970idí agus1980idí.
- Tá neart na gaoithe, nuair atá sí ag teacht aniar aneas níos láidre ná mar a bhíonn i gceantair eile gar do Bhaile Átha Cliath. Tá an suíomh gar do na sléibhte.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |