Aerfort Dhún na nGall

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Port na bpaisinéirí, Aerfort Dhún na nGall

Is aerfort i gContae Dhún na nGall é Aerfort Dhún na nGall. Tá sé suite i gCarraig Fhinn, 3.7 cm siar ó dheas ón Bhun Bheag.

Fónann an t-aerfort réigiúnach do Chontae Dhún na nGall. Tá ról mór ag an aerfort i bhforbairt an Chontae i maidir le turasóireacht agus le gníomhaíochta tráchtála / tionsclaíche.[1]

Stone Circle near Donegal Airport - geograph.org.uk - 501554.jpg

Téann eitiltí ó Bhaile Átha Cliath agus ó Ghlaschú go hAerfort na Carraige Finne go rialta agus bíonn seirbhísí ó áiteacha eile ann freisin.

Aer Arann

Duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an t-aerfort ainmnithe cúpla bliain as a chéile mar an t-aerfort a raibh na radhairc is áille aige ar domhan (pobalbhreith oscailte a bhí ann agus chaith na céadta duine timpeall na cruinne a vótaí ann[2]). Ó eitleán ag tuirlingt go haerfort Dhún na nGall tá radhairc áille le feiceáil. mar tá an rúidbhealach díreach in aice le trá mhór álainn.[3] Feiceann paisinéirí tránna áille, ar farraige ghlan agus ar sléibhte maorga Dhún na nGall.[4] Rinneadh scannánú ar radhairc sna scannáin Star Wars.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Donegal Library Services". www.donegallibrary.ie. Dáta rochtana: 2020-09-28.
  2. Maitiú Ó Coimín. "An tírdhreach is deise ar domhan ag Aerfort Dhún an nGall" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2020-09-28.
  3. Ollscoil Maynooth (21 Meán Fómhair 2020). "Eleathanach 359". www.maynoothuniversity.ie. Dáta rochtana: 2020-09-28.
  4. Nuacht RTÉ (2020-09-16). "Aerfort Thír Chonaill i mbarr a réime arís!" (in ga).