Roazhon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Roazhon
Rennes
Roazhon

An Parlement de Bretagne

Suíomh

48°7′ Thuaidh 1°41′ Thiar

Rialtas
Tír: Flag of France.svg An Fhrainc
Réigiún: An Bhriotáin
Méara: Nathalie Appéré
Déimeagrafaic
Achar: 50.39 km²
Daonra: 206,229
Dlús daonra: 4,092/km²
www.ville-rennes.fr

Is í Roazhon (nó Rennes na Fraincise) príomhchathair na Briotáine. Tá sí ina príomhchathair freisin ar Il-ha-Gwilen (Fraincis: Ille-et-Vilaine), an département is faide soir sa Bhriotáin. Níl Briotáinis á labhairt go nádúrtha timpeall Roazhon a thuilleadh, nó is iad an Fhraincis agus an chanúint Fhraincise Gallo teangacha na tuaithe sa taobh seo den Bhriotáin. Resnn is ainm don chathair i nGallo.

Tá cónaí ar chorradh is dhá chéad míle duine i Roazhon, agus má chuirtear pobal an cheantair máguaird san áireamh gheofaí breis is leathmhilliún duine. Bhí Edmond Hervé ina Mhéara ar Roazhon ar feadh tríocha bliain, agus tháinig Daniel Delaveau i gcomharbas air sa bhliain 2008. Baill de Pháirtí Sóisialach na Fraince iad an bheirt acu.

Logainmneacha[athraigh | edit source]

Thug na Gailligh Condate ar an áit: comhrac an dá uisce.[1] Tá an chathair suite idir dhá abhainn, l'Ille et la Vilaine, ach tháinig an t-ainm atá anois uirthi ó ainm an phobail áitiúla, na Redones nó na Riedones. I Laidin thugtaí Civitas Redonum uirthi.

Aeráid[athraigh | edit source]

Aeráid aoibhinn mhara atá ag an gcathair, cé nach cois farraige atá sí suite. Faigheann sí níos lú ná 700mm de bháisteach in aghaidh na bliana. Bíonn an geimhreadh fliuch agus measartha aoibhinn, agus bíonn an samhradh measartha tirim gan a bheith róthe.

Suíomh[athraigh | edit source]

Tógadh an chathair ar ros os cionn chóngar dhá abhainn; spréigh sí ó thuaidh ar dtús agus níor shroich sí an taobh theas go dtí an 15ú haois. Ansin tógadh tithe ar na hardáin máguaird, ach ba mhinic a d’fhág an Vilaine an chuid ab ísle den chathair faoi uisce, fadhb nár fuasclaíodh go dtí an 19ú haois.

Ollscoileanna[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Xavier Delamarre, Dictionnaire de la langue gauloise, lch 123, éditions Errance, Paris, 2003, ISBN 978-2-87772-237-7.