Holly Cairns
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 4 Samhain 1989 36 bliana d'aois Contae Chorcaí, Éire |
| 29 Samhain 2024 – Téarma parlaiminte: An 34ú Dáil Toghcheantar: Corcaigh Thiar Theas Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2024 | |
| 8 Feabhra 2020 – 8 Samhain 2024 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 33ú Dáil Toghcheantar: Corcaigh Thiar Theas Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2020 | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na hOllscoile Corcaigh |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | polaiteoir |
| Ball de pháirtí polaitíochta | Na Daonlathaigh Shóisialta |
| Teaghlach | |
| Páirtí | Christopher O'Sullivan |
Is Teachta Dála leis na Daonlathaigh Shóisialta í Holly Cairns nó Holly McKeever Cairns uaireanta (a rugadh ar an 4ú Samhain 1989).


Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí gnólacht ag a tuismitheoirí ag díol síoltaí orgánacha. Rinne Holly Cairns staidéar ar an ngarraíodóireacht orgánach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
San Olltoghchán 2020, fuair sí 11% den vóta i gCorcaigh Thiar Theas, beagáinín os cionn leath den chuóta. Bhí Paul Hayes, Sinn Féin, chun cinn uirthi le 11% chomh maith, agus ba iad na vótaí aistrithe a thug an suíochán di, cuid mhaith acu ó Hayes. Fine Gael a chaill an suíochán a fuair Cairns in 2020, nuair a aistríodh 3,000 vóta ó Shinn Féin chuig Cairns agus nach bhfuair FG ach 393 díobh.[1] Bhí an toghcheantar seo mar a bheadh daingean ag Fine Gael riamh. Laigí inmheánacha a scrios a gcuid seansanna in 2020.
In 2023, bhí gach cosúlacht ann go mbeadh Cairns, agus na Daonlathaithe Sóisialta léi, sásta dul i gcomhrialtas le Sinn Féin. Ag an am céanna, dhiúltaigh Cairns glacadh le socrú rialtais roimh an olltoghchán.[2]
Tá sí le feiceáil go rialta sna meáin mar cheannaire anois.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Donncha Ó hÉallaithe (24 Samhain 2024). "Seans ag FG ar shuíochán breise in iarthar Chorcaí, ba chóir go dtiocfadh Holly Cairns slá" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-25.
- ↑ Eoin Ó Murchú (7 Márta 2023). "D’fhéadfadh Holly Cairns a bheith ina slánaitheoir, nó d’fhéadfadh sí a suíochán a chailliúint" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-03.
- Daoine a rugadh i 1989
- Daoine beo
- Alumni Choláiste na hOllscoile, Corcaigh
- Baill den 33ú Dáil
- Baill na nDaonlathaithe Sóisialta
- Comhairleoirí Áitiúla
- Daoine as Contae Chorcaí
- Feirmeoirí Éireannacha
- Teachtaí Dála mná
- Garraíodóirí
- Corcaigh Thiar Theas (Dáilcheantar)
- Polaiteoirí as Contae Chorcaí
- Baill den 34ú Dáil