Jump to content

Córas an Dá Sheomra Parlaiminte in Éirinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá Córas dhá sheomra parlaiminte ann in Éirinn le fada an lá.

Roimh Acht an Aontais

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Teach na dTeachtaí agus Teach na dTiarnaí i bParlaimint na hÉireann, ar cuireadh deireadh léi le hAcht an Aontais in 1800. Na trí Bhille Rialtais Dúchais go léir a tionscnaíodh idir 1886 agus 1912, beartaíodh leo parlaimint dhá sheomra a chur ar bun d’Éirinn.

An Dáil agus an Seanad

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aon seomra amháin a bhí sa Chéad Dáil, a bunaíodh in 1919, agus is é an cuspóir a bhí ag lucht a bunaithe Éire agus a cuid institiúidí a idirdhealú óna macasamhla sa Ríocht Aontaithe.

Beartaíodh sa Government of Ireland Act, 1920 parlaimintí dhá sheomra a chur ar bun do Thuaisceart Éireann agus do Dheisceart Éireann araon.

Sa bhliain 1921, thaistil ionadaithe de chuid aontachtaithe an deiscirt go Londain le linn na hidirbheartaíochta a bhain leis an gConradh Angla-Éireannach. Bhain siad gealltanas d’Art Ó Gríofa go labhródh sé ar son Seanad a chur ar bun agus go rachadh sé i gcomhairle le haontachtaithe an deiscirt i dtaobh a mbeadh ann.

Rinneadh foráil le Bunreacht Shaorstát Éireann, 1922 maidir le hOireachtas dhá sheomra a chur ar bun. An Seanad a cuireadh ar bun leis, is ar na Príomhranna Comhaontaithe, príomhranna a bhí dréachtaithe ag cruinniú den rialtas sealadach agus d’ionadaithe de chuid aontachtaithe an deiscirt, a bunaíodh d’fhormhór é.

Cuireadh deireadh le Seanad Shaorstát Éireann in 1936 tar éis easaontas trom leis an Dáil i dtaobh an Seanad a bheith ag úsáid a chumhachta chun moill a chur ar reachtaíocht. Is amhlaidh a chuir an Seanad bac ar rialtas de Valera agus iad ag iarraidh mionn na dílseachta a bhaint den Bhunreacht agus an Bille um Éide do Chaitheamh (Srian), 1934 a chur ar neamhní.

Cuireadh Seanad nua ar bun le Bunreacht na hÉireann, 1937, agus laghdú déanta ar a chuid cumhachta. Bhí a chuid Comhaltaí le hionadaíocht a dhéanamh ar son gairmeacha beatha, coincheap a pléadh le linn Bunreacht 1922 a dhréachtú.

Sa bhliain 2013, seoladh reifreann chun deireadh a chur leis an Seanad. Dhiúltaigh tromlach na vótálaithe don togra, agus tá an tOireachtas fós ina pharlaimint dhá sheomra.

Córas an Dá Sheomra Parlaiminte go Domhanda

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá 193 thír ar domhan agus parlaimintí dhá sheomra atá ag 79 gcinn acu agus parlaimintí aon seomra amháin atá ag 113 cinn acu, rud a fhágann go bhfuil 272 sheomra parlaiminte ann ina bhfuil breis agus 46,000 comhalta parlaiminte.

Tá 48 bParlaimint san Eoraip, ar parlaimintí dhá sheomra 17 gcinn acu agus ar parlaimintí aon seomra amháin iad 31 cheann acu.