Saorstát an Chongó

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Saorstát Congo)
Léarscail
Armas

Stát stairiúil san Afraic ba ea Saorstát an Chongó (a mhair ó 1885 go dtí 1908). Monarcacht a bhí ann faoi Rí Leopold II na mBeilgeach.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Coilíneacht a bhí faoi úinéireacht phríobháideach agus in aontas pearsanta le Leopold II na Beilge a bhí ann, (i.e. tír ar leithligh nach cuid den Bheilg í, arbh é Leopold II an monarc bunreachtúil dí, ach tír a roinn an monarc céanna le tír dhifriúil). Bhí spéis mhór ag comhlachtaí na Beilge i mianraí an Chongó le fada an lá. Bhíodh an tír i seilbh Léopold II, rí na Beilge ar feadh na mblianta 1887 - 1908.[1][2]

Ar an 2 Feabhra 1904, foilsíodh tuairisc Ruairí Mhic Easmainn um ainghníomhartha na mBeilgeach sa Chongó.

Sa bhliain 1909, foilsíodh tuairisc eile le Arthur Conan Doyle.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. John-Paul McCarthy. "Focail Fhiáine" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-11-08.
  2. Breandán M Mac Gearailt. "Léiriú a thuill bualadh bos gan choinne sa phictiúrlann…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-08.