Saorstát an Chongó


Stát stairiúil san Afraic ba ea Saorstát an Chongó (a mhair ó 1885 go dtí 1908). Monarcacht a bhí ann faoi Rí Leopold II na mBeilgeach.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Go déanach sa naoú haois déag sa ré a ghlaotar ‘Streachailt don Afraic’ air, bhí cumhachtaí coilíneacha na hEorpa i gcomórtas le chéile chun réigiún an Chongó a chur faoi smacht. I mí Feabhra 1885, thug Acht Ginearálta Bheirlín aitheantas d’éileamh 'Chumann Idirnáisiúnta an Chongó', cuideachta phríobháideach faoi smacht agus úinéireacht Rí Leopold II na Beilge.[1] Coilíneacht a bhí faoi úinéireacht phríobháideach agus in aontas pearsanta le Leopold II na Beilge a bhí ann, (i.e. tír ar leithligh nach cuid den Bheilg í, arbh é Leopold II an monarc bunreachtúil dí, ach tír a roinn an monarc céanna le tír dhifriúil).
Bhí spéis mhór ag comhlachtaí na Beilge i mianraí an Chongó le fada an lá. Bhíodh an tír i seilbh Léopold II, rí na Beilge ar feadh na mblianta 1887 - 1908.[2][3]
Chuir Leopold córas an-smachtúil i bhfeidhm trínar diúltaíodh don phobal dúchais úinéireacht a gcuid talún agus toraidh. Cuireadh pionós orthu go fíochmhar nó cuireadh chun báis iad agus go minic tógadh a mná céile uathu munar bhailigh siad an rubar.
Mac Easmainn
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí an Mheithimh 1903 tháinig Ruairí Mhic Easmainn go dtí Leopoldville ag ceann deiscirt an Chongó Uachtaraigh. Thaisteal sé suas an abhainn ag brath ar ghrúpaí de mhisinéirí le haghaidh iompair agus lóistín. I gcomparáid le turas roimhe sin i 1887, tháinig sé ar phobal laghdaithe agus brúite.
Ar an 2 Feabhra 1904, foilsíodh tuairisc Ruairí Mhic Easmainn um ainghníomhartha na mBeilgeach sa Chongó, bunaithe ar staidéar agus agallaimh. Sa bhliain chéanna bhunaigh a chara, Edmond Morel, Cumann Leasu an Chongó. Mhéadaigh an cumann seo ar an eolas i measc an phobail maidir leis na hainghníomhartha agus rinne sé comhghríosú chun leasú a dhéanamh.[1]
Sa deireadh i 1908, gabhadh Saorstát an Chongó isteach sa Bheilg. Mar thoradh ar sin tháinig feabhas ar leas an phobail dhúchasaigh.
Sa bhliain 1909, foilsíodh tuairisc eile le Arthur Conan Doyle.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 museum.ie. "Mac Easmainn i Saorstát an Chongó" (as ga-IE).
- ↑ John-Paul McCarthy. "Focail Fhiáine" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-11-08.
- ↑ Breandán M Mac Gearailt. "Léiriú a thuill bualadh bos gan choinne sa phictiúrlann…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-08.