Daon-Phoblacht an Chongó

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Bá stát shóisialach Marxach-Leiníneach a bunaíodh i bPoblacht an Chongó i 1969 a bhí i nDaon-Phoblacht an Chongó (Fraincis: République populaire du Congo) Bhí sé ann go 1991 nuair, i ndiaidh lánscor an Aontais Shoivéidí, athbhunaíodh iar-ainm na tíre agus ainmníodh André Milongo mar Phríomh-aire idir thréimhseach. Bhí Páirtí Oibrithe an Chongó (Fraincis: Parti congolais du travail, PCT) ina mbun ar feadh a iomláine.

Déimeagrafaic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí 2,153,685 duine ina gcónaí i nDaon-Phoblacht an Chongó i 1988. Bhí 15 ghrúpa eitneacha éagsúla ann, ach bhí an chuid is mó de dhaoine ina Kongo, Sangha, M'BochiTeke . Bhí 8,500 Eorapach ina chónaí sa tír chomh maith, bá as shíolrach Francach den chuid is mó a bhí iontu. Ba í an Fhraincis teanga oifigiúil na tíre, ach bhí teangacha eile cosúil le Kikongo agus Lingala aitheanta fosta. Bhí an chuid is mó den daonra dírithe i gceantair uirbeacha cosúil le Brazzaville . Bhí rátá litearthachta de 80% ann, ach bhí mortlaíocht naíonán ard ann fosta.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba Alphonse Massamba-Débat, a bhí ina uachtarán ar Phoblacht an Chongó i 1963, an chéad cheann stáit Afracach a d'fhógair go hoscailte gur Marxach a bhí ann. Bhunaigh sé córas aon-pháirtí i 1964 thart ar a ghrúpa pholaitúil féin, an Gluaiseacht Náisiúnta Réabhlóid (Mouvement National de la Révolution). Toghadh Massamba-Débat mar Ard-Rúnaí an Ghluaiseacht Réabhlóid Náisiúnta agus rinneadh Céad Rúnaí deAmbroise Édouard Noumazalaye. Thacaigh an mílíste móreilimh dea-armtha, an Défense Civile , faoi cheannas Ange Diawara, leis an pháirtí. Ach, faoi 1968 thug agóidí a bhí ag dul i dtoil ar Massamba-Débat ceann de cheannairí na hagóidí, an Captaen Marien Ngouabi, a chur sa phríosún. [1]

Forógra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cionn is nach raibh an freasúra míleata cléach ag géilleadh, ghéill Massamba-Débet agus d'fhógair sé maithiúnas, ag saoradh Marien Ngouabi, i measc príosúnaigh polaitaíochta eile i lár 1968. Tar éis an mhaithiúnas ghéill Massamba-Débat an chumhacht i Meán Fómhair, rud a thug slí do thréimhse éagobhsaíochta. Faoi dheireadh ar an 31 Nollaig 1968 tháinig Marien Ngouabi isteach mar cheann stáit. D'fhógair an ceannaire nua go hoifigiúil stát gur stáit a bhí dírithe ar shóisialachas i bhfoirm "Poblacht Móréilimh" an 31 Eanáir 1969. Díríodh an riarachán go láidir i Brazzaville agus ghlac Páirtí Oibrithe Congólach (Parti congolais du travail (PCT)) poist rialtais i ndiaidh dóibh deireadh a chur le tionól náisiúnta an tsean-phoblacht. D'eagraigh an PCT Marxist-Leniníneach comhdháil bunreachtúil sa phríomh-chathair ón 29 go dtí an 31 Nollaig 1969, agus bá é an t-aon pháirtí sa stát nua. Thug Marien Ngouabi roinnt polasaithe cumannach isteach- cosúil le náisiúnú na modhanna táirgthe - sna blianta ina dhiaidh. Feallmharaíodh Ngouabi i 1977 agus tháinig an coirnéal Joachim Yhombi-Opango i gcomharba air. Rialaigh Yhombi-Opango go dtí Feabhra 1979, nuair a tháinig Denis Sassou-Nguesso i gcumhacht. [1]

Ar an dóigh céanna le roinnt stáit chumannacha eile san Afraic le linn an Chogadh Fuar, bhí dlúthchaidreamh ag Daon-Phoblacht an Chongó leis an Aontas Sóivéadach. [2] D'fhan an chairdeas seo láidir tar éis feallmharú Ngouabi i 1977. Choinnigh rialtais an PCT dlúthchaidreamh leis an Fhrainc fosta, afách. [3]

Idirthréimhse[cuir in eagar | athraigh foinse]

I lár na bliana 1991, bhain an Comhdháil Náisiúnta Ardcheannasach an focal populaire ("Daon-") as ainm oifigiúil na tíre, agus chuir siad bratach agus aintiún nua isteach in áit an bhratach agus an aintiún a bhí in úsáid faoi rialtas an PCT. Chuir an Comhdháil Náisiúnta Ardcheannasach deireadh leiis an rialtas PCT agus cheap siad Príomh-Aire idirthréimhseach, André Milongo , a infheistíodh le cumhachtaí feidhmiúcháin. Bhí cead ag an tUachtarán Denis Sassou Nguesso fanacht in oifig i gcáilíocht deasghnách le linn an idirthréimhse. [4]

Imeachtaí agus suaitheantais[cuir in eagar | athraigh foinse]

An tUachtarán Marien Ngouabi le ceannaire na Rómáine Nicolae Ceausescu (1972)
Toscaireacht PRC le linn cuairt oifigiúil chuig an Ghearmáin Thoir (1982).
Bratach Arm Daon-Phoblacht an Chongó (1970-1992)
  1. 1.0 1.1
    Albert M'Paka, Démocratie et administration au Congo-Brazzaville, L'Harmattan, 2005, lch. 181-182
  2. John F. Clark, "An Chongó: Idirthréimhse agus an Comhshlánú le Comhdhlúthú", i Athchóiriú Polaitiúil san Afraic Francophone (1997), ed. John F. Clark agus David E. Gardinier, leathanach 65.
  3. Clark, "An Chongó: Idirthréimhse agus an Comhshocrú le Comhdhlúthú", leathanach 69.