Giovanni Schiaparelli

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Giovanni Schiaparelli
Schiaparelli Giovanni.jpg
seanadóir Ríocht na hIodáile

Saol
Eolas breitheSavigliano, 14 Márta 1835, 1835
NáisiúntachtRíocht na hIodáile
BásMilano, 4 Iúil 1910
Áit adhlacthamonumental cemetery of Milan (en) Aistrigh
Muintir
Siblíní
Oideachas
Alma materOllscoil Torino
Stiúrthóir tráchtaisJohann Franz Encke
Otto Wilhelm von Struve
TeangachaAn Iodáilis
Gairm
Gairmréalteolaí agus polaiteoir
FostóiríPulkovo Observatory (en) Aistrigh
Brera Astronomical Observatory (en) Aistrigh
Saothar iomráiteachdiscoverer of asteroids (en) Aistrigh
Duaiseanna
BallraíochtCumann Ríoga
Accademia della Crusca
Acadamh Eolaíochtaí agus Daonnachtaí na Baváire
Acadamh Eolaíochtaí Saint Petersburg
Acadamh Ríoga na Sualainne um Eolaíocht
Accademia dei Lincei
Acadamh Ríoga na Prúise um Eolaíocht
Acadamh Eolaíochtaí na Gearmáine, Leopoldina
Accademia Nazionale delle Scienze detta dei XL
Acadamh Náisiúnta na nEolaíochtaí
Accademia delle Scienze di Torino

Réalteolaí Iodálach ab ea Giovanni Virgilio Schiaparelli (a rugadh i Savigliano na hIodáile ar 14 Márta 1835 agus a d'éag i Milano ar 4 Iúil 1910). D'fhionn sé an t-astaróideach Hesperia, agus d'ainmnigh sé na hairíonna líneacha doiléire ar dhromchla Mharsa mar "chanálacha".[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'ainmnigh sé na hairíonna líneacha doiléire ar dhromchla Mharsa

Bhain Schiaparelli amach dintiúirí an réalteolaí ó ollscoil Torino agus chaith sé seal ag staidéar i Réadlann Bheirlín freisin. Rinne sé an chuid ba mhó de shaothar a shaoil i Réadlann Brera.

Na canálacha

Rinne sé breathnóireacht dhian ar Mhars, agus bhaist sé ainmneacha ar chuid mhór de na háiteanna ansin, mar a chonaic sé sa teileascóp iad. B'eisean a chuir na ráflaí faoi chanálacha ar Mhars ag imeacht, nó dúirt sé go raibh sé tar éis gnéithe a shonrú ar dhroim an phláinéid a raibh cosúlacht na gcanali ("grinnill abhann") orthu, mar a chuir sé i bhfocail Iodáilise é.

Is é an chiall a bhain an t-aistritheoir as an méid sin gur "canálacha" a bhí ann agus iad déanta ag neacha intleachtúla eachtardhomhanda.

Spreag an mhíthuiscint seo na mílte de dhaoine ag déanamh a dtuairimíochta féin faoi "mhuintir Mharsa". Fiú lena lá féin, ní bhfuair Schiaparelli aitheantas do na canálacha ach ó chuid de na réalteolaithe, nó bhí a lán eile acu den bharúil nach raibh siad in ann na canali a aithint lena súile féin, agus gur dhócha nach raibh iontu ach iomrall súl de chineál éigin. Seo é an tuiscint a deimhníodh nuair a rinne an spásghléasra nua-aimseartha mapáil cheart ar dhromchla Mharsa.

SchiaparelliBeltrame28ott1900.jpg

Creidtear inniu go raibh galar súl ag luí ar Schiaparelli, agus nach raibh sna canálacha ach struchtúir inmheánacha a shúl féin a chonaic sé faoi thionchar an ghalair.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Giovanni Schiaparelli grave Milan 2015.jpg
  1. Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais".