Jacques Monod
Appearance
Bithcheimicí a rugadh i bPáras ab ea Jacques Lucien Monod (9 Feabhra 1910 – 31 Bealtaine 1976). Lena chomhghleacaí François Jacob, rinne sé taighde bunúsach ar mheicníochtaí géiniteacha rialaithe, agus shaothraigh teoiric an obróin, géin a rialaíonn géinte eile trí nascadh le cuid ar leith den DNA. Roinneadar Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis i 1965 le André Lwoff. D'fhoilsigh sé Le Hasard et la Nécessité (Seans agus Riachtanas, 1970), leabhar ar fhealsúnacht na beatha bunaithe ar an mbitheolaíocht.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Jacques Lucien Monod". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 468.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |