François Jacob
Appearance
Bithcheimicí a rugadh i Nancy na Fraince is ea François Jacob (17 Meitheamh 1920 – 19 Aibreán 2013).
Lena chomhghleacaí Jacques Monod, rinne sé taighde bunúsach ar mheicníochtaí géiniteacha rialaithe.
Roinneadar Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1965, le André Lwoff.
D'fhoilsigh sé La Logique du vivant (Loighic na Beatha, 1970) agus La Statue intérieure (An Dealbh Inmheánach, 1974).[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "François Jacob". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 381.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin Fhrainc é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |