Akira Kurosawa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAkira Kurosawa

(1953) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ja) 黒澤明
(ja) 黒沢明
Beathaisnéis
Breith23 Márta 1910
Shinagawa-ku, An tSeapáin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Meán Fómhair 1998
88 bliana d'aois
Setagaya-ku, An tSeapáin Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Watershed stroke (en) Aistrigh)
Áit adhlacthaAn'yō-in (en) Aistrigh 35°18′51″N 139°33′20″E / 35.314064°N 139.555447°E / 35.314064; 139.555447 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Áit chónaithean tSeapáin
Teanga dhúchaisan tSeapáinis
Airde182 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmstiúrthóir scannán, scríbhneoir, stiúrthóir, eagarthóir scannán, léiritheoir scannáin, scríbhneoir scripte, leiritheóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse ama20ú haois
Tréimhse oibre1936 –  1993
Ball de
Ainm cleiteAK Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn tSeapáinis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileYōko Yaguchi (1945–1985), bás a c(h)éile Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteKazuko Kurosawa, Hisao Kurosawa Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0000041 Allocine: 72 Rottentomatoes: celebrity/akirakurosawa Anime News Network: 19050 Allmovie: p98309 TCM: 106389 Metacritic: person/akira-kurosawa TV.com: people/akira-kurosawa AFI: 8004
Last fm: 黒澤明 Musicbrainz: b2618dc9-013f-4835-afd3-4c6c57a9043a Discogs: 561933 Find a Grave: 4608 Cuir in eagar ar Wikidata

Stiúrthóir agus léiritheoir scannán, scriptscríbhneoir agus ilcheardaí scannánaíochta ón tSeapáin ab ea Akira Kurosawa.[1] Rugadh ar an 23 Márta 1910 i Shinagawa, Tóiceo é, agus shíothlaigh sé ar an 6 Meán Fómhair 1998 i Setagaya, Tóiceo.

Stiúir sé 30 scannán ar fad, agus chaith sé leathchéad bliain ina stiúrthóir scannán. Áirítear ar stiúrthóirí móra a linne é. Sa bhliain 1989, bronnadh Duais an Acadaimh—"Oscar"—air as éacht a shaoil mar scannánaí.

Kurosawa sa bhliain 1937 agus i mbun scannánaíochta 'Nadare'

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

1960

Saolaíodh Akira Kurosawa d'Isamu agus Shima Kurosawa i mbruachbhaile de chuid Thóiceo sa bhliain 1910.[2] Ba eisean dríodar an chrúiscín, agus bhí triúr deirfiúracha agus ceathrar deartháireacha aige. Fuair ceann de na deartháireacha bás sular rugadh Akira beag, agus bhí an nead tréigthe ag deartháir agus ag deirfiúr eile cheana féin, freisin. Cailleadh deirfiúr eile le galar nuair a bhí Akira deich mbliana d'aois; thug sé "Little Big Sister" uirthi.[1]

Ní bochtáin a bhí iontu. Bhí athair Akira ina phríomhoide i scoil mhíleata, agus thairis sin, ba de shliocht na samúraithe é. Cé go raibh an tSeapáin ag tiontú in aghaidh an chultúir Iartharaigh agus an Dara Cogadh Domhanda ag teacht, bhí suim ag Isamu Kurosawa, an t-athair, sna scannáin Iartharacha, agus é suite siúráilte gur oideachas maith a bhí iontu dá chlann.

Scandal (醜聞, Shubun, 1950).

Bhí bua ealaíne in Akira ó bhí sé óg, agus múinteoir maith aige ar scoil a spreag é chun pictiúir a tharraingt is a líniú. Bhí tionchar ag a dheartháireacha Heigo agus Tachikawa ar Akira óg mar ealaíontóir freisin. Ábhar éirimiúil ealaíontóra a bhí i Heigo Kurosawa a bhain amach a lán duaiseanna ina scoláire óg dó, ach bhí an dá Heigo ann - bhí taobh eile a charachtair cineál dorcha nó ciniciúil. Sa bhliain 1923, rinne talamhchrith mór - chuaigh sé in annála staire na Seapáine mar Thalamhchrith Mór Kanto - rinne sé an-léirscrios timpeall ar Thóiceo, agus fuair céad míle duine bás san olltubaiste seo.

Nuair a bhí Heigo agus Akira ar a gcamchuairt sa chathair i ndiaidh an ródaigh mhóir, bhí daoine marbha le feiceáil ina gcairn ar fud na háite. B'fhearr le hAkira gan radharc a fháil ar na marbháin, ach d'ordaigh Heigo dó féachaint orthu mar sin féin. Ina dhiaidh sin, d'inis Akira Kurosawa gur ceacht tábhachtach a bhí ann do stiúrthóir scannán, ó d'fhoghlaim sé aghaidh a thabhairt go cróga ar an rud a chuirfeadh eagla air, gan a shúile a dhúnadh.

Sa deireadh, chuaigh Heigo le gnó na scannán - ar bhealach. Nó fuair sé post mar benshi, is é sin, mar chineál fear inste a mhíníodh imeachtaí an scannáin thostaigh don lucht féachana. Bhí an cheird seo tábhachtach go maith sa tSeapáin roimh theacht na scannán le fuaimrian. Nuair a tháinig an fuaimrian, áfach, bhí port na mbenshi seinnte. D'eagraigh Heigo stailc na mbenshi, ach ní raibh rath ar na stailceoirí. Faoi thionchar na stailce seo, áfach, chuir Akira spéis i gcúrsaí an lucht oibre agus scríobh sé cúpla alt d'iris radacach.

Zoku Sugata Sanshiro (1943)

Chuir Heigo lámh ina bhás féin nuair a bhí Akira fiche éigin bliain d'aois, agus go gairid ina dhiaidh sin, d'éag an deartháir ba sine a bhí ag Akira. Ní raibh aon duine eile fágtha den chlann mhac ach é féin anois.

An scannánaí óg[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1936, chuala Akira Kurosawa go raibh clár printíseachta ag ceann de na stiúideonna móra scannánaíochta d'ábhair óga stiúrthóra. Fuair sé printíseacht ag an stiúrthóir Kajiro Yamamoto, agus sa bhliain 1943, rinne sé a chéad stiúrthóireacht féin, an scannán úd Sanshiro Sugata. Bhí an Dara Cogadh Domhanda díreach á fhearadh, agus cinsireacht na Seapáine ag coinneáil diansúile ar na chéad scannán a stiúir Kurosawa. Mar sin, ní raibh de rogha aige ach scannáin náisiúnaíocha fhrith-Iartharacha a dhéanamh. Nuair a baineadh slabhraí na cinsireachta de i ndiaidh an chogaidh, rinne sé scannán inar cháin sé saol na Seapáine sna tríochaidí - Waga seishun ni kuinashi, nó "Ní haithríoch linn ár n-óige". Is é is ábhar don scannán seo ná géarleanúint an fhreasúra sa tSeapáin le linn na deachtóireachta míleata - an dóigh ar caitheadh mic léinn i dtóin phríosúin i ndiaidh agóidí, agus cruachás a muintire siúd a fuair iad féin faoi ionsaí ag na húdaráis ar chúiseanna polaitiúla.

Ina dhiaidh sin, rinne Kurosawa tuilleadh scannán faoi shochaí chomhaimseartha na Seapáine, mar atá, Youidore tenshi ("An tAingeal ar Meisce") agus Nora inu ("Madra seachráin"). Is é is ábhar don chéad cheann acu ná caidreamh an choirpigh óig a bhfuil eitinn air leis an dochtúir atá ag iarraidh é a leigheas. Sa dara ceann, tá rúcach óg bleachtaire san fhaopach: ghoid duine éigin a ghunnán uaidh le húsáid a bhaint as i ndúnmharú. Dúirt Kurosawa féin gur spreag saothar Georges Simenon é chun an scannán seo a dhéanamh, ach níor luaigh sé an scéal bleachtaireachta ar leith a bhí i gceist.

Póstaer Rashomon

Rashoomon - agus tús an chlú idirnáisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an chéad scannán a thabhaigh cáil do Kurosawa taobh amuigh den tSeapáin féin ná Rashomon - scannán a bhí bunaithe ar chúpla scéal leis an scríbhneoir Seapánach Akutagawa Ryunosuke, "athair gearrscéalaíochta na Seapáine". Le fírinne, tá na scéalta seo ar fáil i nGaeilge fosta, a bhuí le Seán Ó Dúrois a d'fhoilsigh as Gaeilge iad sa bhliain 1995 (Rashoomon, gearrscéalta le Akutagawa Ryuunosuke, arna aistriú ag Seán Ó Dúrois. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1995). Is iad na scéalta Rashoomon (lgh. 19-27 i leabhar Sheáin Uí Dhúrois) agus I bhFáschoill (lgh. 76-87 i leabhar Uí Dhúrois) is bun leis an scannán. Is é I bhFáschoill an scéal a insítear sa scannán, ach tá scéal fráma ann a bhfuil eilimintí áirithe den scéal úd Rashoomon le haithint air, go háirithe an geata ar hainmníodh an scannán as.

Go bunúsach, déanann an scannán marana ar cheist na fírinne agus ar an dóigh a mbraitheann an fhírinne ar an té a insíonn í. Is éard an scéal atá i gceist ná ruathar an bhligeard sráide ar shamúraí agus a bhean chéile, ach insítear an scéal seo as peirspictíocht na ndaoine go léir a raibh páirteach sna himeachtaí, agus sa deireadh, iompaíonn sé amach nach bhfuil mórán i bpáirt ag na leaganacha éagsúla seo agus an dóigh a bhfuil siad ag teacht salach ar a chéile.

Seven Samurai , 1954

Thuill Rashomon clú idirnáisiúnta do Kurosawa, agus bronnadh an Leon Órga air as an scannán seo ag féile scannánaíochta na Veinéise sa bhliain 1951.

Cur chuige an stiúrthóra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí cur chuige ar leith ag Kurosawa ina chuid scannánaíochta. Ba nós leis lionsaí teileafótacha a úsáid - is é sin, lionsaí a chuir ar a chumas na ceamaraí a chur i bhfad ar shiúl ó na haisteoirí - nó ar an dóigh sin, chreid sé nach mbeadh na haisteoirí meabhrach ar an gceamara. Bhaineadh sé úsáid as níos mó ná aon cheamara amháin le radharc aicsin a scannánú, freisin. Nuair nach raibh a fhios ag na haisteoirí cén ceamara a bhí á scannánú, ní iompóidís i leith an cheamara ar leith a bheadh i gceist. Bhí Kurosawa tugtha don aimsir mar ghléas le cur le hatmaisféar an scannáin, cosúil leis an mbáisteach throm i dtús Rashomon.

Ar an láithreán scannánaithe, bhí Kurosawa cosúil le deachtóir, agus thugadh na haisteoirí Tenno - an tImpire - air, mar leasainm. Rachadh sé i dtuilleamaí gach sórt cleasaíochta leis an gcuma cheart a chur ar na himeachtaí. Ar Rashomon, mar shampla, dhathaigh sé an "bháisteach" le dúch peannaireachta lena chinntiú go mbeadh cuma na fearthainne troime uirthi. Ar an scannán úd Ran, tógadh caisleán iomlán ar shlios Shliabh Fuji - agus cuireadh an foirgneamh seo trí thine sa radharc is tábhachtaí.

Foirfeoir fanaiceach a bhí ann i gcúrsaí na gcultacha freisin. Bhí sé inbharúla nach raibh sé ciallmhar culaith úrdhéanta a chur ar an aisteoir, nó ní chreidfeadh an lucht féachana gur leis an gcarachtar an chulaith sin i ndáiríre. Theastaigh uaidh go mbeadh gach aisteoir tar éis a rólchulaith a chaitheamh le cúpla seachtain anuas roimh an scannánú, ionas nach mbeadh coimhthíos air roimpi. Nuair a bhí sé ag scannánú Seachtar Samúraithe, d'ordaigh sé do na haisteoirí a bhí ag déanamh páirteanna na bhfeirmeoirí dearóile go mbeadh a gcuid rólchultacha ina mbratóga bochta sula dtosódh an scannánú.

Seven Samurai.

Ba nós le Kurosawa a chuid scannán a chur in eagar (a ghearradh) gan duine ar leith a fhostú le haghaidh eagarthóireachta. Maidir leis an gceol, bhí sé den tuairim nár chóir ceol críochnaithe a chur le scannán. Ina áit sin, roghnódh sé aon eilimint amháin - abair, na drumaí - as píosa áirithe ceoil agus bhainfeadh sé úsáid aisti sin mar chúlra dá scannán. Ní bhíonn ceol críochnaithe le cloisteáil ar a chuid scannán ach go gairid roimh an deireadh.

Tionchar na n-ealaíontóirí eile ar shaothar Kurosawa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iomaí cineál tionchar a d'imir ealaíontóirí éagsúla eile ar Akira Kurosawa. Is féidir plotaí William Shakespeare a aithint ar a lán scannán dá ndearna sé: tá imeachtaí Ran bunaithe ar King Lear, agus bhain sé úsáid as plota Mhic Bheatha ar an scannán Kumonosu-jō ón mbliain 1957. (Is é is ciall le teideal Seapáinise an scannáin ná "Caisleán na dTéad Damhán Alla", ach is é an teideal Béarla a fuair an scannán ná Throne of Blood, is é sin, "An Ríchathaoir Fola".) Is féidir eilimintí ó Hamlet a aithint ar an scannán Warui yatsu hodo yoku nemuru (The Bad Sleep Well, is é sin, "Bíonn codladh sámh ag na drochdhaoine"). Bhí scannáin eile le Kurosawa bunaithe ar shaothair le scríbhneoirí clasaiceacha Rúisise, cosúil le Hakuchi ón mbliain 1951 ("An tAmadán", nó The Idiot as Béarla, agus é bunaithe ar Идиот/Idiot le Fyodor Dostoyevskiy), Donzoko ón mbliain 1957 ("Thíos ar Íochtar", nó The Lower Depths as Béarla - ba é На дне/Na dne, an dráma le Maxim Gorkiy, a thug inspioráid don cheann seo), agus fuair Ikiru (teideal Béarla: To Live) ón mbliain 1952 spreagadh ón ngearrscéal fada Смерть Ивана Ильича/Smert' Ivana Il'icha ("Bás Ivan Il'ich") le Leon Tolstoy. Sa bhliain 1975, stiúir Kurosawa an scannán Dersu Uzala, agus ba é an leabhar dírbheathaisnéise leis an taiscéalaí Rúiseach Vladimir Arsenyev bunús an scannáin seo.

1948, Drunken Angel (酔いどれ天使, Yoidore tenshi).

Maidir le Tengoku to jigoku ón mbliain 1963 (High and Low an teideal Béarla, ach is é is brí leis an teideal Seapáinise ná "Neamh agus Ifreann"), bhí plota an scannáin sin bunaithe ar an úrscéal The King's Ransom ("Airgead Fuascailte an Rí") leis an scríbhneoir scéalta bleachtaireachta Ed McBain. Is féidir go raibh an scannán Yojimbo bunaithe ar Red Harvest ("Fómhar Fola") le Dashiell Hammett, agus ar a laghad, ní deacair tionchar na scannán Meiriceánach faoin Iarthar Fiáin a aithint air. Bhí Kurosawa an-tugtha do shaothar Georges Simenon freisin, agus deireadh sé riamh gur iarracht a bhí i Nora inu (Stray Dog, "Madra seachráin") scannán a dhéanamh a chuirfeadh stíl scríbhneoireachta Simenon i gcuimhne don lucht féachana.

Bhí an-suim ag Kurosawa i saothar Frank Capra, William Wyler, agus Howard Hawks, agus ar ndóigh, d'fhoghlaim sé a cheird ó Kajiro Yamamoto, rud a d'fhág a lorg ar a chuid scannán. De na stiúrthóirí Meiriceánacha, áfach, ba é John Ford an duine ba mhó a thuill adhradh Kurosawa. Theastaigh ó Kurosawa, fiú, spéaclaí dubha a chaitheamh le haithris a dhéanamh ar Ford. Nuair a bhí Seachtar Samúraithe á scannánú, d'iarr Kurosawa ar Yoshio Tsuchiya, duine de na haisteoirí, hata den chineál chéanna a fháil dó agus an ceann a chaith Ford nuair a casadh ar Kurosawa é.

Bhí cuid de na léirmheastóirí míshásta le lorg láimhe Kurosawa mar stiúrthóir, ó bhí siad den tuairim go raibh sé ag dul thar fóir lena chuid Iartharachais. Ón taobh eile de, bhí sé an-doirte don ealaín Sheapánach chomh maith, ar nós na hamharclannaíochta No agus na scannán jidaigeki, is é sin, scannáin Sheapánacha a bhí suite i ré áirithe i stair na tíre.

Tionchar Kurosawa ar ealaíontóirí eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'athscannánaigh an stiúrthóir Meiriceánach John Sturges scéal "Seachtar Samúraithe" a shuigh sé i dtimpeallacht an Iarthair Fhiáin - The Magnificent Seven atá ar scannán Sturges, agus tháinig sé ar an scáileán sa bhliain 1960. Ceithre bliana ní ba deireanaí, rinne Martin Ritt The Outrage, scannán eile faoin Iarthar Fiáin, agus é bunaithe ar shaothar Kurosawa - Rashoomon. Maidir le Yojimbo, tharraing Sergio Leone air nuair a rinne sé a scannán A Fistful of Dollars ("Dornán dollar"), ceann de na scannáin Iodálacha faoin Iarthar Fiáin, sa bhliain 1964. Níor iarr sé cead ar Kurosawa an scannán seo a dhéanamh, áfach, agus mar sin chuir Kurosawa an dlí ar Leone ar chúiseanna cóipchirt.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bliain Teideal Béarla Seapáinis Romanji
1943 Sanshiro Sugata 姿三四郎 Sugata Sanshirō
1944 The Most Beautiful 一番美しく Ichiban utsukushiku
1945 Sanshiro Sugata Part II 續姿三四郎 Zoku Sugata Sanshirô
The Men Who Tread on the Tiger's Tail 虎の尾を踏む男達 Tora no o wo fumu otokotachi
1946 No Regrets for Our Youth わが青春に悔なし Waga seishun ni kuinashi
1947 One Wonderful Sunday 素晴らしき日曜日 Subarashiki nichiyōbi
1948 Drunken Angel 酔いどれ天使 Yoidore tenshi
1949 The Quiet Duel 静かなる決闘 Shizukanaru ketto
Stray Dog 野良犬 Nora inu
1950 Scandal 醜聞 Sukyandaru
Rashomon 羅生門 Rashōmon
1951 The Idiot 白痴 Hakuchi
1952 Ikiru 生きる Ikiru
1954 Seven Samurai 七人の侍 Shichinin no samurai
1955 I Live in Fear 生きものの記録 Ikimono no kiroku
1957 Throne of Blood 蜘蛛巣城 Kumonosu-jō
The Lower Depths どん底 Donzoko
1958 The Hidden Fortress 隠し砦の三悪人 Kakushi toride no san akunin
1960 The Bad Sleep Well 悪い奴ほどよく眠る Warui yatsu hodo yoku nemuru
1961 Yojimbo 用心棒 Yōjinbō
1962 Sanjuro 椿三十郎 Tsubaki Sanjūrō
1963 High and Low 天国と地獄 Tengoku to jigoku
1965 Red Beard 赤ひげ Akahige
1970 Dodesukaden どですかでん Dodesukaden
1975 Dersu Uzala デルス・ウザーラ Derusu Uzāra
1980 Kagemusha 影武者 Kagemusha
1985 Ran Ran
1990 Dreams Yume
1991 Rhapsody in August 八月の狂詩曲 Hachigatsu no rapusodī
1993 Madadayo まあだだよ Mādadayo

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Kurosawa Akira - Person (9464) - AniDB" (en). anidb.net. Dáta rochtana: 2023-09-06.
  2. "Akira Kurosawa: Beathaisnéis". Bfi.org.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-07-13. Dáta rochtana: 2009-08-14.