Howard Hawks
Jump to navigation
Jump to search
Howard Hawks | |
![]() | |
Hawks le Lauren Bacall sa bhliain 1943 | |
Dáta breithe | 30 Meitheamh 1896 |
Goshen, Indiana | |
Dáta báis | 26 Nollaig 1977 |
Palm Springs, California | |
Náisiúntacht | Meiriceánach |
Gairm | Stiúrthóir, léiritheoir, scannánóir |
Duaiseanna | Duais an Acadaimh (Oscar) |
Céile | Athole Shearer (1928-1940) Slim Keith (1941-1949) Dee Hartford (1953-1959) |
Duine de na stiúrthóirí scannán a bhí ag obair i Hollywood i ré chlasaiceach na scannánaíochta Meiriceánaí a bhí i Howard Winchester Hawks, a rugadh i nGoshen, Indiana ar an 30 Bealtaine 1896 agus a fuair bás i bPalm Springs, California ar an 26 Nollaig 1977.
Stiúrthóir bisiúil a bhí ann a bhain amach clú agus cáil le scannáin ina lán seánraí:
- scannáin bhithiúnach (Scarface, 1932),
- coiméide screwball (Bringing Up Baby, 1938; His Girl Friday, 1940),
- scannáin eitleoireachta (Only Angels Have Wings, 1939),
- scannáin chogaidh (Sergeant York, 1941),
- scannáin bhleachtaireachta (The Big Sleep, 1946),
- scannáin bhuachaillí bó (Red River, 1948),
- scannáin eachtránaíochta (Hatari!, 1962),
agus a lán eile.
Sa bhliain 1975, bronnadh Duais an Acadaimh (Oscar) air as saothar a shaoil[1]. Níor éirigh leis, áfach, an duais sin a bhaint amach le haon scannán ar leith riamh, cé go raibh sé ar an ngearrliosta do dhuais an stiúrthóra ab fhearr sa bhliain 1942 as an obair a rinne sé ar Sergeant York.