John Ford
Ba stiúrthóir Gael-Mheiriceánach é John Ford a rugadh i Cape Elizabeth, Maine ar an 1 Feabhra 1894 agus a fuair bás ar an 31 Lúnasa 1973. Ba as Gaillimh iad a tuismitheoirí. ‘Seán’ a thugtaí ar John Ford sa mbaile agus John ‘Bull’ Feeney atá tugtha air i dtuairiscí faoi na cluichí peile a d’imir sé do Portland High.[1]
Is cinnte go raibh John Ford ar dhuine de na stiúrthóirí scannán ba mhó cáil le linn ré órga Hollywood. Nuair a iarradh ar Orson Welles na stiúrthóirí ab fhearr riamh a ainmniú ba é an freagra a thug sé ná ‘John Ford,’ ‘John Ford,’ agus ‘John Ford.’

Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ba as ceantar Chois Fharraige tuismitheoirí Ford. Ba dhuine de mhuintir Uí Fhéinne de shráidbhaile an Spidéil athair John Ford, as an Tuar Beag. Seán Mháire Ó Féinneadha, nó John Feeney, a tugadh air. Cúpla míle eile siar an bóthar ar an gCoill Rua a rugadh agus a tógadh a mháthair, Bairbre ‘Aibí’ Ní Churraoin. Aisteach go leor, níor casadh an bheirt ar a chéile sula ndeachaigh siad go Meiriceá.
D’imigh athair Ford ar imirce chuig na Stáit Aontaithe sa mbliain 1872. Phós sé Barbara Curran sna Stáit Aontaithe agus is ansin a thógadar a gclann. Gaeilge a labhair an lánúin sa mbaile i Meiriceá, is cosúil.
In Portland Maine a phósadar tar éis dóibh beirt a dhul ar imirce ansin i dtús na 1870idí. Ba é John an dara duine ab óige den aon nduine dhéag clainne a saolaíodh ansiúd dóibh, bhásaigh cúigear acu sin agus gan iontu ach linbh.[1]
Rugadh John Martin O’Feeney, mar a tugadh air, i Portland, Maine Lá Fhéile Bríde 1894.[2]
‘Seán’ a thugtaí ar John sa mbaile. ‘Feeney’ a bhí air féin nuair a bhí sé ag fás aníos i Meiriceá.
An Pheil Mheiriceánach a d’imir Seán Ó Féinneadha agus é ag freastal ar Portland Maine High School. Ba mhinic leis nó gur bhásaigh sé i 1972 an leagan sin dá ainm a shíniú ar litir, áit a scríobhfadh sé ‘Hollywood agus an Spidéal’ faoina bhun.
John ‘Bull’ Feeney atá tugtha air i dtuairiscí faoi na cluichí peile a d’imir sé do Portland High. Thug sin le fios go raibh sé crua tréan láidir. Níor mhór dó a bheith, mar ba mar lánchúlaí nó mar chosantóir láir a d’imríodh sé. San ionad is túisce acu sin ba é a chúram cosaint a thabhairt dá cheathrú cúlaí; sa gceann eile bhí sé mar dhualgas air smacht a choinneáil ar an gcuid láir den pháirc, fad is a bhí an liathróid i seilbh a chéilí comhraic.
Baisteadh ‘Bull’ mar leasainm air as an gcaoi a dtarraingíodh sé an clogad anuas thar a shúile agus as an gcaoi a n-íslíodh sé a chloigeann sula dtiocfadh sé de rite reaite faoina chéile comhraic.
Ní raibh sé ach scór bliain d’aois nuair a thug sé aghaidh ar Hollywood. Níor athraigh sé a shloinne go ndeachaigh sé go Hollywood, áit a raibh a dheartháir Francis ann roimhe agus an sloinne Ford tugtha aigesean air féin. Ansin d’athraigh sé a ainm go John Ford.
Scannánaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh John agus a dheartháir Francis go Hollywood agus rinneadar go maith ann.
Rinne John 150 scannán i rith a shaoil, 24 acu sin le John Wayne. Leis na scannáin ‘western’ ba mhó a bhain cáil John Ford agus thugadh sé páirteanna do John Wayne go minic iontu agus bhí seisean agus daoine eile ar nós Maureen O’Hara, Victor McLaglen, Ward Bond agus Barry Fitzgerald mar sórt ‘compántas’ aisteoirí aige.
I rith an Dara Cogadh Domhanda, ghlac Ford post leis an Aonad Grianghrafadóireachta de chuid Chabhlach na Stát Aontaithe. Rinne sé cláracha faisnéise ar nós The Battle of Midway agus bronnadh gradam eile ‘Oscar’ air dá bharr sin. B’oifigeach é i gCabhlach Cúltaca na Stát Aontaithe agus an lá ar fhág sé an tseirbhís bronnadh teideal ‘Leasaimiréal’ air. Tá an-chuntas air sa tsraith Five Came Back ar Netflix.[3] Beagán blianta dár gcionn rinne Ford The Quiet Man.
The Quiet Man
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faoin am go dtáinig sé go Conamara chun The Quiet Man a dhéanamh in 1952, bhí cáil ollmhór bainte amach aige. Ba sa tréimhse iarchogaidh a rinne sé an scannán The Quiet Man. Bhí lámh ag Lord Killanin san obair.
Is ar an Spidéal a bhí Ford ag iarraidh go ndéanfaí The Quiet Man ar dtús. Ós rud é nach raibh raibh fáil ansiúd ar an gcumhacht leictreachais agus lóistín a bhí riachtanach ansiúd – ní raibh ann ach go raibh scéim leictriú na tuaithe tagtha chomh fada leis an Spidéal ag an am – aistríodh ceanncheathrú an taifid go Caisleán Cheapach Chorcóige[4] in aice Chonga.
Labhraíodh John Ford Gaeilge go leor leis an gcriú agus an scannán á dhéanamh.[2]
Tá cáil ar an scannán sin fós ar fud an domhain. Mar a dúirt léirmheastóir amháin ‘it was more commercially viable paddywhackery’.[5] Tagann na turasóirí ina sluaite chuig na láithreacha éagsúla, thart ar Chonga, Uachtar Ard, an Caisleán agus áiteacha eile nach iad.

Faoi 1952, bhí gradam ‘Oscar’ buaite aige trí huaire mar stiúrthóir (The Informer, The Grapes of Wrath agus How Green Was my Valley) agus ar ndóigh ghnóthaigh sé ceann eile le The Quiet Man.
Bhí cineál gaol i bhfad amach idir Ford agus an Tiarna Killanin, a raibh teach mór sa Spidéal aige. Ba é an Tiarna Killanin a mhol Conga agus Caisleán Cheapach Corcóige dó mar láthair scannánaíochta. Ba mhaith mar a d’fheil siad sin don scéal agus bhí láithreacha eile – ar nós an droichead beag siúd nach raibh i bhfad ón láthair.[6]
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinneach scannánú ar The Rising of the Moon, scannán eile de chuid Ford, in Éirinn.
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Labhraíodh Ford Gaeilge go leor leis an gcriú agus an Quiet Man á dhéanamh.[2] D’úsáideadh Ford aisteoirí Amharclann na Mainistreach go minic ina chuid scannán. Chuaigh Ford féin ar stáitse le hAmharclann na Mainistreach agus bhí cúpla líne aige. Nuair a bhíodh sé ag scríobh chuig a chol ceathracha, shíníodh sé na litreacha ‘John Ford, Hollywood & An Spidéal.
Dúirt Máirtín Thornton go raibh neart Gaeilge ag John Ford agus go mba sa teanga sin a d’fhaigheadh seisean na treoracha troda uaidh le linn na scannánaíochta.[7]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Mártan Ó Ciardha (7 Meán Fómhair 2025). "Seán ‘Bull’ Ó Féinneadha, an lánchúlaí láidir a thug faoi Hollywood" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-09-11.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Pádraic Ó Ciardha (14 Lúnasa 2025). "‘Shíníodh sé a ainm ‘John Ford, Hollywood & An Spidéal’ – ceiliúradh le déanamh ar dhuine de laochra na scannánaíochta ar an bhfód dúchais" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-15.
- ↑ Mairéad Ní Nuadháin (3 Samhain 2023). "An uair a thug Maureen O’Hara agus John Wayne cuairt ar an seanteach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-08.
- ↑ "Ashford Castle" (as en) (2025-06-13). Wikipedia.
- ↑ "Liam Ó Flaithearta, John Ford agus an scannán faoin nGorta Mór nár éirigh leo é a dhéanamh" (ga-IE). Tuairisc.ie (2018-09-18). Dáta rochtana: 2023-11-08.
- ↑ Mairéad Ní Nuadháin (3 Samhain 2023). "An uair a thug Maureen O’Hara agus John Wayne cuairt ar an seanteach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-08.
- ↑ Mártan Ó Ciardha (7 Meán Fómhair 2025). "Seán ‘Bull’ Ó Féinneadha, an lánchúlaí láidir a thug faoi Hollywood" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-09-12.