Orson Welles
Orson Welles | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Ainm iomlán | George Orson Welles |
Eolas breithe | Kenosha, Wisconsin, 6 Bealtaine 1915 |
Náisiúntacht | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Teanga dhúchais | an Béarla |
Bás | Los Angeles, 10 Deireadh Fómhair 1985 |
Áit adhlactha | Ronda |
Cúis bháis | bás nádúrtha (ionfharchtadh miócairdiach) |
Muintir | |
Athair | Richard Head Welles |
Máthair | Beatrice Ives Welles |
Céile/Céilí | Virginia Nicolson Rita Hayworth (Meán Fómhair 7, 1943 - Nollaig 1, 1948) Paola Mori (Bealtaine 8, 1955 - Deireadh Fómhair 10, 1985) |
Páirtí/Páirtithe | Oja Kodar Dolores del Río |
Páistí | liosta iomláin |
Oideachas | |
Alma mater | Todd Seminary for Boys (en) ![]() School of the Art Institute of Chicago (en) ![]() |
Teangacha | an Béarla |
Múinteoirí | Boris Anisfeld (en) ![]() |
Gairm | |
Gairm | aisteoir scannáin, stiúrthóir drámaíochta, stiúrthóir scannán, léiritheoir scannáin, eagarthóir scannán, scríbhneoir scripte scannáin, leabhrógaí, aisteoir saincharachtair, drámadóir, pearsa raidió, draíodóir, aisteoir stáitse, léiritheoir drámaíochta, aisteoir teilifíse, aisteoir gutha, aisteoir agus stiúrthóir |
Airde | 1.92 m |
Duaiseanna | |
Ainmníodh é/í le haghaidh | Duais an Acadaimh don aisteoir is fearr (Feabhra 6, 1942) : [[Citizen Kane (en) ]] [[Academy Award for Best Writing, Original Screenplay (en) ]] (Feabhra 6, 1942) : [[Citizen Kane (en) ]] Duais an Acadaimh don stiúrthóir is fearr (Feabhra 6, 1942) : [[Citizen Kane (en) ]] [[Golden Raspberry Award for Worst Supporting Actor (en) ]] (1983) : [[Butterfly (en) ]] |
Ballraíocht | Académie des beaux-arts |
Cleamhnú | |
Reiligiúin | An Chríostaíocht An tAindiachas |
IMDb | nm0000080 |
Discogs ID | 236639 |
![]() |
Ba aisteoir agus stiúrthóir Meiriceánach é Orson Welles (6 Bealtaine 1915 - 10 Deireadh Fómhair 1985), ar dhuine de na stiúrthóirí scannán ab fhearr a bhí ariamh ann.[1] Ceaptar nach bhfuil sárú an scannáin “Citizen Kane” le fáil. Ní raibh sé ach cúig bhliana fichead d’aois nuair a rinne sé é sin.
Saol óg[cuir in eagar | athraigh foinse]
Dílleachta a bhí in Welles. Cailleadh a athair an bhliain roimhe sin agus cailleadh a mháthair sé bliana roimhe sin arís nuair nach raibh sé ach naoi mbliana d’aois.
Welles in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí eolas maith ag Welles ar Éirinn.[2] Ní raibh sé ach sé bliana déag d’aois nuair a tháinig sé go Gaillimh ar bord an SS Baltic i mí Lúnasa 1931. Bhuail sé isteach chuig an Taibhdhearc agus is cosúil gur casadh an t-aisteoir agus an léiritheoir Mícheál Mac Liammóir leis.
Chaith Welles seal an-ghearr ag staidéar i gColáiste na Tríonóide. Bhuail sé arís le Mícheál Mac Liammóir agus chas sé le Hilton Edwards. D'iarr Welles páirt i ndráma orthu. Fuair sé é agus chuaigh sé ar an stáitse in Amharclann an Gheata ar an 13 Deireadh Fómhair 1931.
Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]
Fear a bhfuil otracht ghalrach ag dul di, bhí Welles ina aonar sa bhaile ar an 10 Deireadh Fómhair 1985 nuair a bhuail taom croí é ar feadh na hoíche, gan ach 70 bliain slánaithe aige.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Seosamh Ó Cuaig (Samhain 2014). "Orson Welles agus mná Inis Oírr" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-10-10.
- ↑ TG4. "Orson Welles & The Gate Theatre - TG4 Documentary (17/11/11) (2/2)" (as ga-IE).