The Quiet Man
Stiúir John Ford an scannán The Quiet Man sa bhliain 1952. Tá cáil ar an scannán sin fós ar fud an domhain. Táirge a mheall ocht n-ainmniúchán Oscar agus a thug dhá cheann leis, ceann don stiúrthóir, ach níos tábhachtaí don turasóireacht, ceann don chineamatagrafaíocht. É sin ar fad agus Gaeilge le cloisint chomh maith.
Rinneadh cuid den scannánú i gConamara. Tagann na turasóirí ina sluaite chuig na láithreacha éagsúla, thart ar Chonga, Uachtar Ard, an Caisleán agus áiteacha eile nach iad.[1]





Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Labhraíodh Ford Gaeilge go leor leis an gcriú agus an Quiet Man á dhéanamh.[2]
Ba é an dornálaí cáiliúil Máirtín Thornton as an Spidéal, seaimpín na hÉireann tráth, a sheas isteach sna babhtaí troda do John Wayne. Bhí aithne mhaith aige ar Ford agus gaol i bhfad amach acu lena chéile mar go mba ar an Tuar Beag a saolaíodh seanmháthair Thornton freisin. In agallamh leis a craoladh ar Raidió na Gaeltachta nuair a bhásaigh John Ford i 1973, dúirt Thornton go raibh neart Gaeilge ag John Ford agus go mba sa teanga sin a d’fhaigheadh seisean na treoracha troda uaidh le linn na scannánaíochta.[3]
Bhí roinnt Gaeilge ag Maureen O’Hara, a rugadh i mBaile Átha Cliath, ach mar sin féin beartaíodh bean óg, Nóra Ní Chonghaile (seanmháthair an chraoltóra Máire Treasa Ní Dhubhghaill) a thabhairt suas go Conga ón Spidéal gach lá ar feadh sé seachtaine chun an méid a bhí le rá i nGaeilge ag O’Hara sa scannán a mhúineadh di.
Bhí páirt ag an aisteoir Micheál Ó Briain ón Spidéal sa scannán chomh maith, fear a chaith na blianta ag aisteoireacht le hAmharclann na Mainistreach.
Scéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maurice Walsh a scríobh an leabhar[4] agus Frank S. Nugent a scríobh an script scannáin.
Sa scannán bhí an t-imirceach Seán Thornton (Wayne) fillte abhaile agus súil aige talamh a mhuintire a cheannacht ar ais. Tagann idir é agus Will Danaher atá ag santú na háite sin le fada. Téann an scéal in olcas nuair a thiteann deirfiúr Danaher agus Thornton i ngrá lena chéile.
Bhí an t-achrann ar na bacáin ó déanadh an chaint seo. ‘I’ll count three, and if you’re not out of the house by then, I’ll loose the dogs on you,’ a deir Danaher. ‘If you say ‘three’, mister, you’ll never hear the man count ten,’ a deir Thornton.[3]
Scannánaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faoin am go dtáinig John Ford go Conamara chun The Quiet Man a dhéanamh in 1952. Bhí cáil ollmhór bainte amach aige. Ba sa tréimhse iarchogaidh a rinne sé an scannán The Quiet Man.
Faoi 1952, bhí gradam ‘Oscar’ buaite aige trí huaire mar stiúrthóir (The Informer, The Grapes of Wrath agus How Green Was my Valley) agus ar ndóigh ghnóthaigh sé ceann eile le The Quiet Man.[1]
Is ar an Spidéal, i gceantar a mhuintire, a bhí Ford ag iarraidh go ndéanfaí The Quiet Man ar dtús (ba as ceantar Chois Fharraige tuismitheoirí Ford). Ach níor tháinig scéim leictriú na tuaithe tagtha chomh fada leis an Spidéal ag an am. Ós rud é nach raibh raibh fáil ansiúd ar an gcumhacht leictreachais a bhí riachtanach ansiúd (agus easpa lóistín), aistríodh ceanncheathrú an taifid go Caisleán Cheapach Chorcóige[5] in aice Chonga.[3]
Bhí lámh ag Lord Killanin san obair. Bhí cineál gaol i bhfad amach idir Ford agus an Tiarna Killanin, a raibh teach mór sa Spidéal aige. Ba é an Tiarna Killanin a mhol Conga agus Caisleán Cheapach Corcóige dó mar láthair scannánaíochta. Ba mhaith mar a d’fheil siad sin don scéal agus bhí láithreacha eile – ar nós an droichead beag siúd nach raibh i bhfad ón láthair.[1]
Tá cáil ar an scannán sin fós ar fud an domhain. Mar a dúirt léirmheastóir amháin ‘it was more commercially viable paddywhackery’,[6] íomhá bhréagach, sheanchaite d’Éirinn. `[7]
Ceol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cumadh an bunleagan den amhrán ‘Galway Bay’ nó 'Cuan na Gaillimhe' i 1947 agus bhain leagan a chan Bing Crosby cáil amach i measc imircigh na hÉireann ar fud an domhain. Bhí sé le cloisteáil sa Quiet Man.[8]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Mairéad Ní Nuadháin (3 Samhain 2023). "An uair a thug Maureen O’Hara agus John Wayne cuairt ar an seanteach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-08.
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (14 Lúnasa 2025). "‘Shíníodh sé a ainm ‘John Ford, Hollywood & An Spidéal’ – ceiliúradh le déanamh ar dhuine de laochra na scannánaíochta ar an bhfód dúchais" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-15.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Mártan Ó Ciardha (7 Meán Fómhair 2025). "Seán ‘Bull’ Ó Féinneadha, an lánchúlaí láidir a thug faoi Hollywood" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-09-12.
- ↑ "The Quiet Man, by Maurice Walsh". gutenberg.ca. Dáta rochtana: 2023-11-08.
- ↑ "Ashford Castle" (as en) (2025-06-13). Wikipedia.
- ↑ "Liam Ó Flaithearta, John Ford agus an scannán faoin nGorta Mór nár éirigh leo é a dhéanamh" (ga-IE). Tuairisc.ie (2018-09-18). Dáta rochtana: 2023-11-08.
- ↑ Breandán M Mac Gearailt (10 Lúnasa 2016). "Ní hé ‘Star Wars’ an chéad scannán a chuir tírdhreach na hÉireann agus na Gaeltachta os comhair an tsaoil…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-08.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (15 Meitheamh 2016). "Liricí lochtacha ‘Galway Bay’ le hathscrúdú ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-08.