Máthair Treasa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMáthair Treasa

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(sq) Anjezë Gonxhe Bojaxhiu
26 Lúnasa 1910
Scóipé (an Impireacht Otamánach)
Bás5 Meán Fómhair 1997
87 bliana d'aois
Calcúta, An India Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisCliseadh croí
Áit adhlacthaMother House Of The Missionaries Of Charity (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Superior general (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Áit chónaitheScóipé
Ráth Fearnáin
Calcúta
Teanga dhúchaisan Albáinis
Gníomhaíocht
Gairmsiúr Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Albáinis, Beangáilis, Béarla, An Hiondúis, An tSeirbis agus an tSlóivéinis
Ardú
Lá féile5 Meán Fómhair Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairNikollë Bojaxhiu
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinmotherteresa.org Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0609336 Musicbrainz: 373d1cf8-a67b-4d59-bb47-d328cf6ccb41 Songkick: 5607783 Discogs: 2115244 Find a Grave: 12299 Cuir in eagar ar Wikidata

Bean rialta Chaitliceach ba ea Máthair TreasaAgnesë Gonxhe Bojaxhiu (26 Lúnasa 19105 Meán Fómhair 1997). Chaith an Mháthair Treasa a saol ag cabhrú leis na bochtáin, i gCalcúta ar dtús, agus ansin in áiteanna eile ar fud an domhain.

Bhunaigh sí Misinéirí na Catharnachta i gCalcúta na hIndia sa bhliain 1950.[1] Faoi am na 1970idí bhí clú agus cáil uirthi, ach go háirithe nuair a craoladh clár faisnéise agus a foilsíodh leabhar, Something Beautiful for God le Malcolm Muggeridge.

Is é “Naomh na mBocht” an leasainm atá uirthi.[2][3] Tá a cuid oibre á leanúint ar aghaidh i 87 tír ar fud an domhain.[4]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tús a saoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh an Mháthair Treasa i mbaile Skopje sa Mhacadóin 27ú Lúnasa 1910. Is é Agnes Gonxha Bojaxhiu an t-ainm a bhí uirthi ar dtús. Ba as an Albáin an teaghlach s’aici. Bhí siopa ag a hathair agus bhí a beirt tuismitheoirí iontach dílis don chreideamh Chaitliceach.

Nuair a bhí sí dhá bhliain déag thuig sí go raibh gairm ó Dhia aici. Bhí sí ag iarraidh a bheith ag ina misinéir san India.

Tréimhse in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

i 1928, nuair a bhí sí 18 mbliana d’aois, chuaigh Agnesë Bojaxhiu isteach in ord rialta. D’fhág sí Scóipé (Skopje) agus chuaigh sí ag obair le hord cráifeach darb ainm Siúracha Loreto. Ord Éireannach a bhí ann, agus bhí na mná rialta ag déanamh cuid mhór oibre san India.

Tháinig ansin an bhean óg ón Macadóin go hÉirinn chun dhá mhí a chaitheamh leis na siúracha Loreto i Ráth Fearnáin, Baile Athá Cliath.[5]

Tháinig sí go hÉirinn chun Béarla a fhoghlaim. Chaith sí tamall de mhíonna ag traenáil agus ag foghlaim Béarla, agus d'éirigh sí go maith as.

Ansin cuireadh í anonn chun na hIndia. Ghlac sí a céad mhóideanna mar bhean rialta sa bhliain 1931.

Sandro Pertini agus Teresa in 1976

Loreto in India[cuir in eagar | athraigh foinse]

Idir 1931 agus 1948, bhí sí ag teagasc in Ardscoil Naomh Muire i gCalcúta. Is ag an am seo a ghlac sí an t-ainm Treasa uirthi féin. Roghnaigh sí an t-ainm sin in onóir do naomh Francach Naomh Therèse Lisieux.

Ba le linn di a bheith ag obair i gCalcúta a thuig sí méid an léin agus na bochtaineachta a bhí sa chathair. Níor cuireadh oideachas ar bith ar a lán de na leanaí i slumaí Chalcúta.

I 1946 d’éirigh sí tinn, agus bhí cuma air go raibh eitinn uirthi.[2] Cuireadh í chuig baile darb ainm Darjeeling le biseach a fháil. Ach ar a bealach ann ar an traein tharla rud iontach. Chuala sí guth Dé ag rá léi gach rud a fhágáil ina diaidh agus dul a chuidiú le daoine bochta an tsaoil.

I 1948 fuair sí cead an scoil a fhágáil agus obair a dhéanamh i measc na ndaoine bochta ar na sráideanna. Tar éis cead a fháil an post a bhí aici ina hord rialta a fhágáil, chuaigh sí faoi oiliúint san ospidéal "Holy Familyːi bPatna ionas go bhféadfadh sí cabhrú leis na bochtáin ar bhealach praiticiúil.

An Máthair Treasa agus Ronald Reagan sa bliain 1985.

Misinéirí na Carthanachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Mháthair Treasa sa bhliain 1986

Sa bhliain 1950 fuair Máthair Treasa cead ón Vatacáin ord rialta dá cuid féin a chur ar bun, chun obair a dhéanamh i measc an léin agus chun freastal ar na bochtáin ba bhoichte. . Ansin d’fhág sí Ord Loreto agus bhunaigh sí ord rialta nua ,"Misinéirí na Carthanachta".[2]

Chuir an Mháthair Treasa áras ar bun do na daoine a bhí ag fáil bháis agus gan aon duine ann le cúram a thabhairt dóibh. Tugadh daoine go dtí an t-áras seo ionas go bhféadfaí cúram a dhéanamh díobh agus go bhfaighidís bás le dínit.

D’oscail an Mháthair Treasa áras chomh maith do leanaí tréigthe a aimsíodh sna sráideanna. Roimh i bhfad thug na páistí an t-ainm an Mháthair Treasa uirthi. Bhí sé deacair aici ar dtús mar ní raibh airgead ar bith aici. Ach de réir a chéile tháinig daoine eile a chuidiú léi agus thosaigh daoine a thabhairt airgid di. Chiallaigh seo go dtiocfadh léi a cuid oibre a leathnú amach.

D’oscail sí teach altranais ar áit a raibh teampall Hiondúch. agus shocraigh sí go rachadh clinicí taistil go dtí áiteanna áirithe i gCalcúta ionas go bhfaigheadh lobhair cóir leighis. Ansin d’oscail sí áit chónaí ar son páistí gan tuismitheoirí agus áit chónaí ar son daoine a raibh lobhra orthu.

Chaith Máthair Treasa cúig bliana is daichead ag obair ann agus ag cur le fás Mhisinéirí na Catharnachta ar fud na tíre agus an domhain.

Cáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1970 rinne an t-iriseoir clúiteach Malcolm Muggeridge scannán fúithi. Is é seo an chéad uair a chuala tíortha an Iarthair faoina cuid oibre. Níor chreid Muggeridge i nDia ar chor ar bith ag an am. Ach sula raibh an scannán réidh thiontaigh sé ina Chaitliceach.[2]

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna blianta deireanacha dá saol, d’fhulaing sí an-drochshláinte. Sa bhliain 1990 dúirt Máthair Treasa go raibh sí ag dul a éirí as a bheith i gceann an oird. Bhí toghchán ann, ach vótáil gach duine gurb ise ba cheart a bheith ina a ceannaire. Níor vótáil ach duine amháin ina héadán – í féin. Bhí sí ina ceannaire go tús 1997, ach fuair sí bás níos déanaí an bhliain sin, ar 5 Meán Fómhair 1997.

De réir cosúlachta, níor fhág sí rud ar bith ina diaidh ach mála agus sáraí, comhartha is dócha, ar an saol simplí a bhí aici.[2]

Leath Misinéirí na Carthanachta ar fud na cruinne agus bhí thart ar 5000 ag obair iontu sa bhliain 2014.

Duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar Mháthair Treasa ar 10 Nollaig 1979. Tugadh an duais di in ainm na ndaoine bochta “nach raibh daoine á n-iarraidh agus a bhí gan ghrá agus gan chúram”.

Bhuaigh sí an gradam is cáiliúla san India, an Bharat Ratna, sa bhliain 1980. Bhain sí duaiseanna eile mar Dhuais Síochána an Phápa Eoin Pól XXIII agus Duais Nehru as a bheith ag cur chun cinn na síochána agus na comhthuisceana ar fud an domhain.

Ar an Domhnach, 4 Meán Fómhair 2016, naoi mbliana déag i ndiaidh a báis, d’fhógair an pápa gur naomh í.[1]

Cáineadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an Mháthair Treasa go dubh in éadan rudaí mar ghinmhilleadh agus breithrialú. Chuir sin olc ar chuid mhór daoine.

Chomh maith leis na moltaí agus gradaim idirnáisiúnta ó rialtais, eagraíochtaí agus daoine éagsúla, bhí daoine áirithe á cáineadh ag an am céanna. Níor aontaigh siad lena tuairim ar an nginmhilleadh, ar an spioradáltacht ar mhaitheas an bochtanais 'srl., an scríbhneoir clúiteach Germaine Greer ina measc. Bhí Greer go láidir ar son chearta na mban agus dúirt sí go raibh an Mháthair Treasa ag déanamh leatroim ar dhaoine lena creideamh.

Cháin daoine eile í as baint a bheith aici le deachtóirí mar theaghlach Duvalier in Haiti, agus Enver Hoxha san Albáin. Ach dar leis an Mháthair Treasa, is é an rud is tábhachtaí ná tacaíocht a thabhairt do na bochta agus is cuma cá as a dtagann an tacaíocht sin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

tuama inniu

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Máire Ni Sheanacháin (2016). "Naomh Teresaː Cur síos ar Mháthair Treasa Kolkata (RTÉ Radio Player - Raidió na Gaeltachta)". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2020-12-10.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 ccea.org.uk. "Beatha le Bua". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-05-01. Dáta rochtana: 2020.
  3. ccea.org.uk. "Leabhar saothair". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-05-01. Dáta rochtana: 2020.
  4. examinations.ie (2010). "SCRÚDÚ AN TEASTAIS SHÓISEARAIGH - OIDEACHAS REILIGIÚNACH – GNÁTHLEIBHÉAL". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2001-05-21. Dáta rochtana: 2020.
  5. Irish Independent (̄22 MF 2016). "Naomh a chaith seal in Éirinn". www.pressreader.com. Dáta rochtana: 2020-12-10.