Misinéirí na Carthanachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaMisinéirí na Carthanachta
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálinstitiúid chrábhaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1950
Bunaitheoir(í)Máthair Treasa Cuir in eagar ar Wikidata
TiranaTiorána

Is ord rialta é Misinéirí na Carthanachta. Tá aidhm acu grá agus aire a thabhairt do na daoine nach raibh rud ar bith acu féin.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1950 fuair Máthair Treasa cead ón Vatacáin ord rialta dá cuid féin a chur ar bun i gCalcúta, chun obair a dhéanamh i measc an léin agus chun freastal ar na bochtáin ba bhoichte. . Ansin d’fhág sí Ord Loreto agus bhunaigh sí ord rialta nua ,"Misinéirí na Carthanachta".[1]

Haiti

Chuir an Mháthair Treasa áras ar bun do na daoine a bhí ag fáil bháis agus gan aon duine ann le cúram a thabhairt dóibh. Tugadh daoine go dtí an t-áras seo ionas go bhféadfaí cúram a dhéanamh díobh agus go bhfaighidís bás le dínit.

D’oscail an Mháthair Treasa áras chomh maith do leanaí tréigthe a aimsíodh sna sráideanna. Roimh i bhfad thug na páistí an t-ainm an Mháthair Treasa uirthi. Bhí sé deacair aici ar dtús mar ní raibh airgead ar bith aici. Ach de réir a chéile tháinig daoine eile a chuidiú léi agus thosaigh daoine a thabhairt airgid di. Chiallaigh seo go dtiocfadh léi a cuid oibre a leathnú amach.

D’oscail sí teach altranais ar áit a raibh teampall Hiondúch. agus shocraigh sí go rachadh clinicí taistil go dtí áiteanna áirithe i gCalcúta ionas go bhfaigheadh lobhair cóir leighis. Ansin d’oscail sí áit chónaí ar son páistí gan tuismitheoirí agus áit chónaí ar son daoine a raibh lobhra orthu.[1]

Chaith Máthair Treasa cúig bliana is daichead ag obair ann agus ag cur le fás Mhisinéirí na Catharnachta ar fud na tíre agus an domhain.

Tháinig méadú mór ar an ord leis na blianta. Ach fuair Máthair Treasa bás in 1997 agus ag am a báis, bhí 610 Misin lonnaithe in 87 tír.

Lean Misinéirí na Catharnachta ar aghaidh ag fás. Leath Misinéirí na Carthanachta ar fud na cruinne agus bhí thart ar 5000 ag obair iontu sa bhliain 2014.

Ceannceathrú i gCalcúta

Sa lá atá inniu ann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa lá atá inniu ann, tá 3,000 bean rialta agus 400 bráthair ag obair i 87 tír. Tá siad ag freastal ar dhaoine bochta agus ar dhaoine atá ag fáil bháis i 160 baile ar fud an domhain.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 ccea.org.uk. "Beatha le Bua". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-05-01. Dáta rochtana: 2020.