Jump to content

An Albáinis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Maidir le teanga Cheilteach na hAlban féach Gaeilge na hAlban.
Maidir le teanga Ghearmáinice na hAlban féach Albainis.
Infotaula de llenguaAn Albáinis
Gjuha shqipe

Cineálteanga nádúrtha, macraitheanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais6,200,000
Stáitan Albáin
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
Albanoid (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach agus Albanian alphabet (en) Aistrigh
Institiúid caighdeánaitheAcadamh Eolaíochtaí na hAlbáine
Staidéar agalbanology (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1sq
ISO 639-2sqi
ISO 639-3sqi
Glottologalba1267
Linguasphere55-AAA-a
Ethnologuesqi
ASCL3901
IETFsq

Is teanga Ind-Eorpach í an Albáinis (Gjuha Shqipe [ˈɟuˌha ˈʃciˌpɛ] nó Shqip [ʃcip] sa teanga féin). Tá sí ina haicme féin i measc na dteangacha Ind-Eorpacha, nó tá sí chomh breac le hiasachtaí ó theangacha eile agus go bhfuil sé deacair a rá go cruinn cá bhfuil sí i gcrann ginealais na fine teangacha.

Labhraítear í san Albáin, sa Chosaiv agus i gceantair áirithe i Montainéagró agus i bPoblacht na Macadóine in oirdheisceart na hEorpa. Labhraítear canúintí Albáinise i ndeisceart na hIodáile (mar Arbëreshë) agus sa Ghréig (mar Arvanitika) freisin. Tá thart ar shé mhilliún cainteoirí Albáinise ar fud an domhain.

Tá dhá phríomhchanúint ann: an Toscais (Toskërisht) sa deisceart agus an Ghéigis (Gegërisht) sa tuaisceart. Tá an caighdeán scríofa bunaithe ar an Toscais den chuid is mó, cé go bhfuil eilimintí áirithe as an nGéigis ann freisin. Ritheann teorainn na bpríomhchanúintí ar feadh na habhann úd Shkumbini trasna na hAlbáine. Tá traidisiún liteartha ag an nGéigis freisin, áfach, agus inniu, foilsítear nuachtáin Ghéigise sa Chosaiv. Canúintí Géigise amháin a labhraítear sa Chosaiv. Mar sin, cé go bhfuil formhór mór na nAlbánach san Albáin féin ag labhairt canúintí Toscaise, dealraíonn sé gurb í an Ghéigis teanga fhormhór na nAlbánach go léir ar fud an domhain.

Is iad na difríochtaí is tábhachtaí idir an dá phríomhchanúint ná go seasann n na Géigise go minic do r na Toscaise: G râna, T. rëra "gaineamh", agus go n-aithníonn an Ghéigis na gutaí fada thar na gutaí gearra. Is minic a chloistear an t-a fada (â) in áit e gearr doiléir na Toscaise (ë) sa Ghéigis, agus bíonn blas na srónaíola le haithint ar an a fada sin go minic.

Maidir leis na canúintí a labhraítear sa Ghréig agus san Iodáil, Toscais atá iontu, ach is léir go bhfuair siad cuid mhaith focal ar iasacht ó mhórtheangacha na dtíortha sin, agus níl siad chomh hintuigthe ag cainteoirí Toscaise ón Albáin is a shílfeá.

Aibítir na hAlbáinise

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baineadh úsáid as a lán córas éagsúil leis an Albáinis a bhreacadh síos i rith na gcéadta bliain: an aibítir Arabach, an aibítir Ghréagach, an aibítir Choireallach, Aibítir Beitha Kukju agus Aibítir Elbasan.

Is iad an dá cheann deireanacha na cinn is aistí acu go léir. Tá aibítir Beitha Kukju ainmnithe as an té a chum is a cheap sa bhliain 1840 í, ach ní dheachaigh sí in úsáid go forleathan riamh. Bhí aibítir Elbasan in úsáid timpeall chathair Elbasan san ochtú haois déag, ach tá sí ligthe i ndearmad anois.

Maidir leis an aibítir Ghréagach, baineann na hArvanitika, nó Albánaigh na Gréige, úsáid aisti inniu féin lena gcanúint a chur ar pár, má scríobhann siad í ar aon nós. Sna laethanta a bhí, áfach, bhí an aibítir seo i bhfad ní ba thábhachtaí i saol cultúrtha na nAlbánach. Bhí lucht labhartha na Toscaise ag scríobh a gcuid canúintí leis na litreacha Gréagacha chomh luath leis an mbliain 1500, agus bhí clólann i Voskopojë san ochtú haois déag a d'fhoilsigh leabhair Albáinise san aibítir Ghréagach. (San am sin, ba lárionad cultúrtha tábhachtach é Voskopojë, ó bhí na bealaí trádála ag fabhrú don áit. Inniu, níl ann ach sráidbhaile beag in Oirthear na hAlbáine.)

Na hAlbánaigh a chuaigh ar scoileanna Seirbise sa Chosaiv fadó bhainidís úsáid éigin as na litreacha Coireallacha, ach ní raibh údarás oifigiúil leis an gcleachtas sin riamh.

Inniu, is í an aibítir Laidineach a úsáidtear go hoifigiúil. Is iad na litreacha speisialta atá ann ná ë (a sheasann don ghuta dhoiléir, an cineál guta a chloisfeá i bhfocail Béarla cosúil le her, mar a fhuaimnítear "i mBéarla na Bainríona" é) agus ç (cosúil le ch an Bhéarla). Thairis sin, fuaimnítear litreacha áirithe ar dhóigh neamhchoitianta:

  • cosúil lena lán teangacha in Oirthear na hEorpa, úsáideann an Albáinis an litir c leis an bhfuaim [ts] a chur in iúl;
  • is ionann x na hAlbáinise agus [dz];
  • is ionann xh na hAlbáinise agus j an Bhéarla;
  • is ionann ll (l dúbailte) na hAlbáinise agus ll leathan na Gaeilge (nó an l leathan a fhuaimnítear i bhfocail cosúil le bell agus fill i mBéarla na Bainríona)
  • tá an r aonair níos cosúla le r na Sasanach, ach is r láidir "Spáinneach" é rr (r dúbailte) na hAlbáinise
  • is ionann dh na hAlbáinise agus an th san fhocal Béarla that, agus is ionann th na hAlbáinise agus an th san fhocal Béarla thick
  • is ionann q na hAlbáinise agus c caol na Gaeilge, agus is ionann gj na hAlbáinise agus g caol na Gaeilge. Le fírinne, tá an q ag guagadh idir c caol agus t caol, agus an gj idir g caol agus d caol. Is dócha, áfach, nach dtagann sin aniar aduaidh ar aon Ghaeilgeoir líofa, nó tá a fhios againn gur minic a fhuaimníonn cainteoirí dúchais na Gaeilge an focal buidéal cosúil le buigéal. Is féidir an t-idir eatarthu céanna a aithint san Albáinis.
  • is ionann, a bheag nó a mhór, sh na hAlbáinise agus sh an Bhéarla, agus is é an zh an leagan glórach den fhuaim chéanna.

Ó thaobh na gramadaí de, tá an Albáinis sách cosúil leis na teangacha Balcánacha eile, cé nach bhfuil dlúthghaol aici leo. Cuirtear an t-alt leis an bhfocal mar iarmhír: mal "sliabh", mali "an sliabh" - sin rud a bhíonn an-choitianta sna Balcáin. Tá trí inscne ag na hainmfhocail, agus díochlaontar i sé thuiseal iad (an t-ainmneach, an ginideach, an t-áinsíoch, an tabharthach, an t-ochslaíoch agus an gairmeach), cé gur minic a bhíonn an iarmhír chéanna ag dhá nó trí thuiseal, agus is féidir a rá nach bhfuil sa ghinideach féin ach dul cainte ar leith a bhaineann úsáid as foirm an tabharthaigh.

Tá sé níos deacra na briathra a réimniú, nó tá sé mhodh agus trí aimsir ann, chomh maith le cúig aimsir chomhshuite (cosúil le tá sé déanta na Gaeilge). Is é an modh is suimiúla acu ná an modh moltach, a chuireann in iúl gur tháinig rud éigin aniar aduaidh ar an gcainteoir nó gur ábhar molta nó adhnua é:

  • Ti flet shqip "Labhraíonn tú Albáinis" (modh táscach: fíric a chuirtear in iúl)
  • Ti fliske shqip! "Labhraíonn tú Albáinis!" (modh moltach: "Dar Dia, tá Albáinis agat, ní raibh súil ná coinne agam leis!")

Tá litríocht éigin á foilsiú trí mheán na hAlbáinise ón 16ú haois i leith. Na chéad leabhair a cuireadh i gcló, ba leabhair chráifeacha nó croinicí stairiúla iad. In Oirthear na hAlbáine, tháinig Voskopojë chun cinn mar lárionad litríochta agus clódóireachta sa tseachtú haois déag. Cultúr Gréagach a bhí i gceist ansin, ach bhain lucht léinn Voskopojë úsáid as an Albáinis agus as teangacha reigiúnacha eile le Gréigis a mhúineadh agus le reiligiún Críostaí na nGréagach a chraobhscaoileadh. Mar sin, foilsíodh a lán leabhar cráifeach Ortadocsach as Albáinis in Voskopojë. Ón taobh eile de, bhí filí Moslamacha ag scríobh dánta agus prós Albáinise san ochtú haois déag, agus iad ag baint úsáide as na litreacha Arabacha. Bhí siad go mór mór faoi thionchar an traidisiúin Pheirsigh, cosúil le filí Tuircise na linne.

Sa naoú haois déag, tháinig gluaiseacht athbheochana náisiúnta na hAlbáinise, Rilindja Kombetarë, ar an bhfód, agus thosaigh scríbhneoirí ag saothrú na teanga le cúis na gluaiseachta a chur chun cinn. Ba iad Jeronim de Rada agus Naim Frashëri príomhscríbhneoirí na linne. File rómánsach ba ea de Rada a rugadh i gceann de phobail bheaga Albánacha na hIodáile. Bhí saint aige sa bhéaloideas, agus scríobh sé dánta agus laoithe a raibh blas an bhéaloidis orthu. Maidir le Naim Frashëri, bhí seisean ag cur síos ar shaol na tuaithe agus ar chath na nAlbánach ar son na saoirse chomh maith, ach bhí sé go mór faoi thionchar shruthanna comhaimseartha cultúrtha na hEorpa, agus deirtear gurbh eisean a thug isteach an nua-aoiseachas i litríocht na hAlbáinise. Is é file náisiúnta na hAlbáine é.

Filí tábhachtacha eile de chuid na hAthbheochana ab ea Zef Serembe, Ndre Mjeda, agus Andon Zako Çajupi.

I mblianta idirchogaidh an fichiú haois ba é an réalachas réalta eolais na scríbhneoirí. Scríbhneoirí tábhachtacha ón tréimhse seo ba ea Gjergj Fishta, Millosh Gjergj Nikolla, Lasgush Poradeci, Fan Stilian Noli, agus Faik Konica.

Nuair a tháinig an Cumannachas i gceannas ar an Albáin, is follasach gur cuireadh an Réalachas Sóisialach ag rialú na litríochta. Mar sin féin, bhí scríbhneoirí cosúil le Jakov Xoxa agus Ismail Kadare in ann scéalta suimiúla a chumadh, cé nár sháraigh siad srianta an pholasaí oifigiúil chultúrtha.

Dearbhú Uile-Choiteann Cearta an Duine, Airteagal a hAon as Albáinis[1]:

Të gjithë njerëzit lindin të lirë dhe të barabartë në dinjitet dhe në të drejta.
[tə ɟiθ ɲeɾəzit lindin tə liɾə ðe tə baɾabaɾt nə diɲitet ðe nə tə drejta]
Saolaítear na daoine uile saor agus comhionann ina ndínit agus ina gcearta.
Ata kanë arsye dhe ndërgjegje dhe duhet të sillen ndaj njëri tjetrit me frymë vëllazërimi.
[ata kanə aɾsye ðe ndərɟeɟe ðe duhet tə siɫen ndaj ɲəɾi tjetɾit me frymə vəɫazərimi]
Tá bua an réasúin agus an choinsiasa acu agus dlíonn siad iad féin a iompar de mheon bráithreachais i leith a chéile.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]