Hawley Harvey Crippen
Ba lia Meiriceánach é Hawley Harvey Crippen (11 Meán Fómhair 1862 – 23 Samhain, 1910), nó an Dr. Crippen, mar ab fhearr aithne air, a cuireadh chun báis i bpríosún Pentonville, i Londain Shasana de dheasca gur dhúnmharaigh sé a bhean chéile.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Crippen in Coldwater, Michigan, SAM. Cáilíodh é mar dhochtúir leighis agus ar feadh 28 bliain chleacht sé a ghairm in Detroit, Philadelphia agus i Nua-Eabhrach. Ba i Nua-Eabhrac a casadh air Cora Turner, cailín seacht mbliana déag d'aois.
Sa bhliain 1903 ghlac sé post mar bhainisteoir comhlachta leighis i Londain agus an bhliain dár gcionn phós sé Cora. Tamall gairid ina dhiaidh sin, áfach, thit sé i ngrá le Ethel Le Neve, comhoibrí agus bean dhóighiúil de réir gach cuntais, agus chinn sé ar a bhean chéile a mharú. I mí na Feabhra 1910 thug sé miosúr marfach Scopolamine di, srac sé a corp óna chéile agus chuir sé i bhfolach i siléar é.
I mí Iúil tháinig an péas ar an gcorp. Idir an dá linn thug Crippen agus a bhean nua, a bhí gléasta in éide gasúir, a n-aghaidh ar Cheanada ar bord an SS Montrose.
Ar an drochuair, d'aithin duine dá comhphaisinéirí é agus nuair a chuaigh sé i dtír in Québec gabhadh é.
I gcultúr móréilimh[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Bunaíodh Belle, 1961, ceoldráma le Wolf Mankowitz sa Strand Theatre i Londain, ar an chás.
- Rinneadh scannán dar theideal Dr Crippen 1962 den scéal, agus Donald Pleasance ag déanamh pháirt an dochtúra.
- Rinneadh Shadow of the Noose, sraith cláracha de chuid an BBC faoin abhcóide Edward Marshall-Hall, fear a chosain Crippen sa chúirt.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- J.H.H. Gaute agus Robin Odell, The New Murderer's Who's Who, 1996, Harrap Books, Londain
- The World's Most Infamous Crimes and Criminals. New York: Gallery Books, 1987. ISBN 0-8317-9677-4
- Nicholas Connell, Walter Dew; The Man Who Caught Crippen, Sutton Publishing (2005), ISBN 0-7509-3803-X
- Erik Larson, Thunderstruck. New York, Crown Publishers, 2006. ISBN 978-1-4000-8067-0
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
- SSMontrose etc
- Dr. Hawley Harvey Crippen: Of Passion And Poison
- Dr. Crippen: One Night In Camden
- Crippen mystery remains despite DNA claim - BBC News