Stanislao Cannizzaro

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Stanislao Cannizzaro

Ceimicí a rugadh i bPalermo na Sicile ab ea Stanislao Cannizzaro (13 Iúil 182610 Bealtaine 1910). An chéad cheimicí nua-aoiseach a d'aithin tábhacht shaothar Amedeo Avogadro ar mheáchain adamhacha, níos mó ná leathchéad bliain roimhe sin. Rinne sé idirdhealú idir meáchan adamhach is meáchan móilíneach. Chuir sé comheagar ar cheimic orgánach is neamhorgánach, d'fhionn cianaimíd, agus tháirg alcóil as aildéid trí imoibriú a dtugtar imoibriú Cannizaro air anois.