Richard Abegg
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | (de) Richard Wilhelm Heinrich Abegg 9 Eanáir 1869 Gdańsk |
| Bás | 3 Aibreán 1910 41 bliana d'aois Koszalin |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Kiel Ollscoil Tübingen Ollscoil Humboldt Bheirlín |
| Comhairleoir dochtúireachta | August Wilhelm von Hofmann |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Ceimic |
| Suíomh oibre | Göttingen Wrocław |
| Gairm | ceimiceoir, fisiceoir, balúnaí |
| Fostóir | Ollscoil Wrocław Ollscoil Stócólm Ollscoil Göttingen |
| Ball de | |
| Spéis aige/aici i | Ceimic orgánach |
| Mac/iníon léinn | Clara Immerwahr |
| Teangacha | An Ghearmáinis |
| Saothar | |
| Mac léinn dochtúireachta | Friedrich Bergius agus Clara Immerwahr |
| Teaghlach | |
| Athair | Wilhelm Abegg |
| Siblín | Wilhelm Abegg agus Waldemar Abegg |
| Duine muinteartha | Julius Friedrich Heinrich Abegg (seanathair) |
Ceimiceoir Gearmánach agus ceannródaí theoiric an fhiúsnaisc ab ea Richard Wilhelm Heinrich Abegg (9 Eanáir 1869 - 3 Aibreán 1910) Mhol sé gur gnách gurb é ocht an difríocht idir an fiús uasta dearfach agus diúltach d'eilimint. Tugtar riail Abegg air seo. Ba fear mór na mbalún gás é, agus ba é ba chúis lena bhás ag aois 41 nuair a thuairteáil a bhalún go talamh san tSiléis..
Fuair Abegg a PhD ar 19 Iúil 1891 mar mhac léinn d'August Wilhelm von Hofmann in Ollscoil Bheirlín. D'fhoghlaim Abegg ceimic orgánach ó Hofmann, ach bliain amháin tar éis dó a chéim PhD a chríochnú thosaigh sé ag déanamh taighde ar cheimic fhisiceach agus é ag staidéar le Friedrich Wilhelm Ostwald i Leipsic, an Ghearmáin. Ina dhiaidh sin bhí Abegg ag obair mar chúntóir príobháideach do Walther Nernst in Ollscoil Göttingen agus do Svante Arrhenius in Ollscoil Stócólm.