Riail Abegg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa cheimic, deirtear i riail Abegg gurb é ocht an difríocht idir an fiús dearfach agus diúltach uasta de dhúil. D'úsáid an riail brí stairiúil den fhiús atá cosúil leis an gcoincheap nua-aimseartha de staid ocsaídiúcháin ina bhfuil adamh ina dheontóir leictreon nó ina ghlacadóir. Uaireanta tugtar "dlí an fhiús agus an fhrithfhiús " ar riail Abegg.

Go ginearálta, maidir le dúil cheimiceach ar leith (mar shulfar) deirtear i riail Abegg gur minic go mbíonn suim luach absalóideach a fhiús diúltach (mar shampla −2 do shulfar i H2S agus a fhiús dearfach den uasluach (mar +6 do shulfar in H2SO4) cothrom le 8.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]