Vittoria Aganoor

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

File Iodálach ba ea Vittoria Aganoor (1855 - 1910). Ba de shliocht uasal Airméineach a chuir fúthu san Iodáil í.

Vittoria Aganoor.

A beatha[athraigh | edit source]

Ba í an cúigiú hiníon den Chunta Edoardo Aganoor agus de Giuseppina Pacini í, agus chaith sí a hóige i bPadova, cé gur aistrigh an teaghlach go dtí Veinéis ina dhiaidh sin. Bhí aithne acu ar a lán scríbhneoirí.

Lean ar Vittoria ag caitheamh tréimhsí fada i bPadova chun staidéar a dhéanamh, agus sa bhliain 1876 d'aistrigh an teaghlach go Napoli, áit a bhfuair sí eolas ar údair eachtrannacha. Chuaigh bás a hathar i bhfeidhm go mór uirthi, agus is gearr gur fhill sí ar Veinéis, timpeall na bliana 1890. Scríobhadh sí chun na manach Airméineach ar an Isola di San Lazzaro (Oileán San Lazaras) ag Veinéis, dream a raibh caidreamh mór ag a hathair, fear an-chráifeach, orthu. Baineann a lán litreacha dá cuid leis an tréimhse seo agus léiriú iontu ar a saol intleachtúil, léiriú atá le fáil freisin sna dánta a d'fhoilsigh sí ar na hirisí.

Cé go raibh cuma shéimh uirthi, cheil sin meon lionndubhach sobhuartha, rud a nochtadh i gcuid dá dánta agus iad ag caint ar easpa comhthuisceana agus ar a bheith ag tnúth leis an mbás. Ar feadh i bhfad thug sí aire dá máthair agus an-chion aici uirthi, ach sa bhliain 1899 lig a bás siúd di dul i mbun saol neamhspleách.

Thosaigh sí ag cumadh filíochta agus í an-óg, ach b'áil léi a saothar a thabhairt chun foirfeachta, agus ar dtús ba dá lucht aitheantais amháin a thaispeáin sí a saothar, mar bhíodh sí féin agus a lán údar aitheanta ag scríobh chun a chéile. Tháinig clú uirthi mar fhile uasalaicmeach foscúil nuair a thosaigh sí ag foilsiú dánta ar na hirisí. In aois a cúig bliana is dhá scór a bhí sí nuair a chuir sí amach Leggenda eterna (1900), a céad leabhar, rud a rinne sí, mórán, de bharr ghríosú a cairde.

Tháinig meas uirthi mar fhile úr spontáineach (b'in an meas a bhí ag Benedetto Croce uirthi, mar shampla) ach dúirt Vittoria féin nach ó chroí a chumadh sí ach leis an gceann.

Ba é an cúram ba mheasa léi a bheith páirteach i gcuideachta uasalaicmeach a linne, agus fonn uirthi fear a phósadh a ligfeadh di a hintleacht agus a cion a chur in iúl. Ar 28 Samhain 1901 phós sí Guido Pompilj, polaiteoir de chuid na haicme uaisle, agus chaith siad cuid mhaith dá saol i bPerugia.

Ar 9 Aibreán 1910 chuaigh sí faoi scian sa Roímh, chun ailse a leigheas, is dócha, ach cailleadh go tobann í. Chuaigh seo go han-dona do Guido, a chuir caoi ar ghnóthaí an teaghlaigh gan mhoill agus a chuir lámh ina bhás féin le piléar.

A saothar[athraigh | edit source]

Saothair liteartha[athraigh | edit source]

  • I cavalli di San Marco, Venéis, Stab. Tip. C. Ferrari, 1892;
  • A mio padre. Versi, Venéis, Stab. Tip. Lit. C. Ferrari, 1893;
  • Leggenda eterna, Milano, Treves, 1900;
  • Nuove Liriche, An Róimh, Nuova antologia, 1908;
  • Poesie complete, Flórans, Successori Le Monnier, Luigi Grilli (eag.), 1912, agus na heagráin a lean é;
  • Nuove liriche, John Butcher (eag.), Bologna, Nuova S1, 2007.

Litreacha[athraigh | edit source]

  • Lettere a Domenico Gnoli, 1898-1901, Biagia Marniti (eag.), Caltanissetta, an Róimh, Sciascia, 1967;
  • Lettere a Giacomo Zanella (1876-1888), Adriana Chemello (eag.), Mirano, Eidos, 1996;
  • Lettere scelte di Vittoria Aganoor ad Antonio Fogazzaro, Brunone De Toffol (eag.), Mansue, Comune, Biblioteca comunale, 2002;
  • Aganoor, la brezza e il vento, corrispondenza di Vittoria Aganoor a Guido Pompilj, Lucia Ciani (eag.), Bologna, Nuova S1, 2004;
  • Vittoria Aganoor, Almerigo da Schio, lettere (1886-1909), Lucia Ciani (eag.), S.l., Ribis, 2005.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Patrizia Zambon, Il filo del racconto. Studi di letteratura in prosa dell'Otto/Novecento, Alessandria, Edizioni dell'Orso, 2004;
  • John Butcher, Una leggenda eterna. Vita e poesia di Vittoria Aganoor Pompilj, Bologna, Nuova S1, 2007, pp.168;
  • Giuseppe Centonze, Vittoria Aganoor a Castellammare, in «Cultura & Società», Rivista dell'Associazione 'Cultura e Territorio', Castellammare di Stabia, Anno I - N. 1 - 2007, lgh 53-72.
  • Barbara Marola, Maria Teresa Munini, Rosa Regio, Barbara Ricci (a cura di), Fuori norma : scrittrici italiane del primo novecento : Vittoria Aganoor, Paola Drigo, Rosa Rosà, Lina Pietravalle, Ferrara : L. Tufani, 2003, ISBN 88-86780-46-X
  • Michele Chierico, Guido Pompilj (1854-1910) - L'uomo, il politico, le lettere, Perugia, Effe Fabrizio Fabbri Editore, 2010.

Féach freisin[athraigh | edit source]