Brioscáin phrátaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí BiaBrioscáin phrátaí
Bunús
Tír dhúchaisSasana
Sonraí
Cineálbia, sneaic, brioscán agus food preserve (en) Aistrigh
Príomh-chomhábhairola glasraí, blastán, salann, spíosra agus práta

Is éard atá i gceist le brioscáin phrátaícriospaí ná sliseoga tanaí de phrátaí atá domhainfhriochta go dtí go n-éiríonn siad briosc. Itear mar scroid iad de ghnáth. Cuirtear mar mhaisiúchán iad in aice ceapairí i mbialanna. Díoltar i málaí beaga iad de ghnáth, ach is féidir iad a cheannach i bhfeadán freisin, Pringles go háirithe. Bíonn blasanna éagsúla ar bhrioscáin phrátaí. Brioscáin phrátaí le salann orthu an blas is bunúsaí, ach is iomaí blas eile atá ar fáil amhail cáis agus oinniúin, salann agus fínéagar, gairleog, oinniún, síobóid, cillí, blas bagún, blas na mara is araile. Níl teorainn le líon na mblasanna.

Bunús[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an bhéaloidis, ba é an cócaire George Chum a chruthaigh brioscáin phrátaí den chéad uair ar an 24 Lúnasa, 1853. Bhí fear ag iarraidh béile a chaitheamh sa bhialann Moon's Lake House gar do Saratoga Springs, Nua-Eabhrac. Níor thaitin na gnáthphrátaí leis an bhfear clamhsánach áirithe seo. D'éirigh an tUasal Chum bréan den fhear nuair a sheol sé na prátaí ar ais chuige arís agus arís eile, ag áitiú go raibh na prátaí ró-thiubh agus go raibh siad báite. Ghearr Chum na prátaí go han-tanaí ar fad agus rinne sé iad a fhriochadh i gcorcán lán le hola te. Thaitin na prátaí friochta seo go mór leis an bhfear, cé nach raibh Chum ag súil leis. Bhí na brioscáin phrátaí ar fáil sa bhialann as sin amach. "Saratoga Chips" a thugtaí orthu.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]