Ola (luibheolaíocht)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa luibheolaíocht, sreabhán a thálann faireoga ar leith i bplandaí, go minic ag déanamh stór bia i dtorthaí is síolta cosúil le hológa, pailmeacha, ráib is líon. Táirgeann plandaí aramatacha blátholaí so-ghalaithe, go príomha i réigiúin thirime, a laghdaíonn cailliúint uisce trí thréghalú, agus b'fhéidir go gcosnaíonn siad na plandaí ó ainmhithe. Faightear olaí inite ó phlandaí éagsúla, ina measc pónairí soighe, arbhar Indiach, ológa, lusanna na réine, cnónna cócó is síol ráibe.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ola". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 495.