Hormón fáis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
HGH (= Human Growth Hormone).

Hormón, ar polaipeiptíd é, a thálann maothán tosaigh na faireoige piotútaí i veirteabraigh a bhfuil gialla acu. Spreagann sé fás na colainne trína iarmhairtí ar mheitibileacht próitéiní, carbaihiodráití is lipidí. Bíonn sé sainiúil don speiceas ina ghníomhaíochtaí. Más mínormálta a thál, is féidir go dtarlóidh abhcacht, fathacht, nó anchuma aghaidhe, lámh is cos.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Hormón fáis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 353.