Muhammad Ali

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Muhammad Ali
Muhammad Ali NYWTS.jpg
Saol
Ainm iomlánCassius Marcellus Clay, Jr.
Eolas breitheLouisville, Kentucky, 17 Eanáir 1942
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Áit chónaitheScottsdale, Arizona
Cherry Hill (en) Aistrigh
Grúpa eitneachMeiriceánaigh Afracacha
Teanga dhúchaisBéarla Meiriceánach
BásScottsdale, Arizona, 3 Meitheamh 2016
Áit adhlacthaCave Hill Cemetery (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (galar riospráide)
Muintir
AthairCassius Marcellus Clay Sr.
MáthairOdessa Grady Clay
Céile/CéilíSonji Roi (en) Aistrigh  (Lúnasa 14, 1964 -  Eanáir 10, 1966)
Khalilah Ali  (Lúnasa 17, 1967 -  1977)
Veronica Porsche Ali  (1977 -  1986)
Yolanda Williams  (Samhain 19, 1986 -  Meitheamh 3, 2016)
Páistí
Siblíní
liosta iomláin
Oideachas
Alma materColáiste Santa Monica
Central High School (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
MúinteoiríJhoon Rhee (en) Aistrigh
George Dillman (en) Aistrigh
Gairm
Gairmdornálaí, dírbheathaisnéisí, gníomhaí agus údar
Airde191 cm
Duaiseanna
Lipéad ceoilColumbia
Cleamhnú
ReiligiúinAn tIoslam
IMDbnm0000738
Discogs ID669210 agus 556419
TwitterMuhammadAli

Dornálaí Meiriceánach ba ea Muhammad Ali (a rugadh leis an ainm Cassius Marcellus Clay, Jr ar an 17 Eanáir, 1942 i Louisville, Kentucky agus a d'éag ar an 3 Meitheamh 2016 i Phoenix, Arizona). Rinneadh curadh an domhain sa trom-mheáchan de i 1964, 1974, agus 1978. Dornálaí an-rathúil a bhí ann, agus tugadh an leasainm The Greatest air. Bhronn an iris Sports Illustrated an teideal "Fear Spóirt an Chéid" air sa bhliain 1999.

El Grafico, Márta 1964
1961 Cassius Clay (Muhammad Ali) vs. Donnie Fleeman

Dornálaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuaigh Ali bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha i Tóiceo sa bhliain 1960.

Ar an 29 Deireadh Fómhair 1960, bhuaigh Muhammad Ali a chéad chluiche dornálaíochta gairmiúil.

Throid Muhammad Ali in aghaidh Henry Cooper dhá uair, i 1963 agus ar an 21 Bealtaine 1966. Bhí an bua ag Ali gach uair, ach bhí na dornálaithe ag troid an méid a bhí ina gcnámha. Bhí Ali ar na rópaí i 1963, ach chuir an dornálaí a chéile comhraic dá chothrom.[1]

Ar 25 Feabhra 1964, bhuaigh Ali an chraobh nuair a chuir sé Sonny Liston, ag cosaint an Choróin Trom-mheáchain an Domhain, de dhroim seoil i Miami Beach.[2][3]

Cé go raibh buaite ar Liston arís ag Ali agus ar Floyd Patterson chomh maith, faoin am a dtáinig earrach na bliana 1965,[4]

Ar an 16 Feabhra 1978, bhuaigh Leon Spinks an Craobh Dornálaíochta Trom-Mheáchan Domhanda i gcoinne Muhammad Ali.

D'éirigh Ali as an dornálaíocht sa bhliain 1981, nuair a chlis a shláinte. Fuair sé amach go raibh Galar Parkinson air sna 1980idí.

Ionad Muhammad Ali in Louisville, Kentucky

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Taobh amuigh den chró dornálaíochta, gníomhaí polaitiúil ab ea Muhammad Ali freisin, agus tharraing sé conspóid lena bheo agus lena mharbh

Moslamach ceartchreidmheach a bhí ann. Ar an 6 Márta 1964, d'athraigh sé a ainm Cassius Clay go Muhammad Ali[5]. D'éirigh Muhammad Ali persona non grata in áiteacha go leor sna Stáit Aontaithe.

Tugadh cúl dó agus cáineadh é siocair bá a bheith aige le Náisiún Ioslam. Bhí a sheasamh maidir le Cogadh Vítneam agus a dhiúltú dul isteach san arm ina chnámh spairne freisin agus níor thaitin a chosaint neamhbhalbh ar a chuid tuairimí le go leor.[4]

Sa bhliain 1965, ní raibh aon stát i Meiriceá a thabharfadh ceadúnas troda dó agus dá bharr ní raibh aige ach a dhul go Ceanada.[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. https://www.youtube.com/watch?v=JhOo5Vh_2iM&
  2. History com Editors. "Young Muhammad Ali knocks out Sonny Liston for first world title" (en). HISTORY. Dáta rochtana: 2023-01-17.
  3. "Ali vs Liston 1 | How Ali SHOOK UP the World - Breakdown" (as en) . 
  4. 4.0 4.1 4.2 Mártan Ó Ciardha (15 Eanáir 2023). "Bhí mo dhóthain den dornálaíocht agam tar éis babhta speárála amháin le Mick Lally" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-17.
  5. Slate