Arvid Carlsson
Jump to navigation
Jump to search

Arvid Carlsson i nGöteborg sa bhliain 2011
Cógaseolaí a rugadh in Uppsala na Sualainne ar an 25 Eanáir 1923 ab ea Arvid Carlsson. Rinne sé taighde ar an néaratharchuradóir dópaimín agus a ról i ngalar Parkinson. Sa bhliain 2000 roinn sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis le Eric Kandel is Paul Greengard as a thaighde ar thrasduchtú comharthaí sa néarchóras chun go bhféadfar, amach anseo, drugaí nua a fhorbairt mar chóireáil ar ghalair néareolaíocha is shíciatracha. Fuair sé bás ar an 29 Meitheamh 2018.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |