An Búdachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Búdachas)
Dealbh den Bhúda, agus é ina shuí ar nós na loiteoige.

Is reiligiún é an Búdachas a chleachtar in Oirthear na hÁise thar aon réigiún eile ar domhan. Cuireann an creideamh seo béim ar an rinnfheitheamh agus ar an soilsiú is toradh don rinnfheitheamh. Tá an creideamh bunaithe ar theagasc Siddhartha Gautama, an chéad Bhúda - is é is brí leis an téarma sin "Búda" ná "an té a mhúscail", "an té atá ina dhúiseacht". Tháinig sé ar an bhfód san áit a bhfuil Neipeal inniu, agus chaith sé conablach a shaoil i dTuaisceart na hIndia ag teagasc. Creidtear gurb ansin a fuair sé bás freisin, timpeall ar 400 bliain roimh bhreith Chríost.

Dearcann lucht leanúna an Bhúdachais ar Gautama féin mar theagascóir thar aon rud eile, duine a fuair tuiscint ar fhíornádúr na hollchruinne - is é sin, soilsiú. Nuair a fuair sé soilsiú, shaor sé é féin ó fháinne fí an bháis agus na breithe agus bhain sé amach an nirbheána. Thál sé a chuid eagnaíochta ar na daoine le cuidiú leo an cuspóir céanna a shroicheadh.

Is creideamh é Búdachas a chuireann béim ar rinnfheitheamh chun soilsiú a fháil. Thosaigh An Búda Gautama an creideamh seo nuair a fuair sé soilsiú tar éis rinnfheitheamh a dhéanamh faoi chrann Bhodhi, de réir an fhinscéil.

Is iad na ceithre fhírinne thriathacha agus an conair na n-ocht rian bunús an chreidimh. Chun soilsiú agus nirbheána a fháil, caithfidh tú na Ceithre Fhírinne Thriathacha a thuiscint agus Conair na n-Ocht Rian a leanúint. De réir na mBúdach, athbhreitear gach duine chomh fada nach bhfuil soilsiú aige, ach nuair a fhaigheann sé soilsiú, stopann an ciorcal athbhreithimh agus sroicheann an duine nirbheána.

Tá daoine ann a bhfuil soilsiú acu, nach bhfuil siad marbh fós agus nach bhfuil siad ina mBúdaí fós, go dtugtar Bodhisattva orthu. Is é an chúis sa shaol atá acu ná cabhair a thabhairt do dhaoine a bhíonn ag lorg soilsithe.