Breithrialú

Is éard is breithrialú[1] ann ná modh nó feiste a úsáidtear chun toirchis a chosc. Tugtar frithghiniúint[2] air freisin, bainte le pleanáil clainne .


Modhanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Fearas ionútarach
Baineann an fearas frithghiniúnach ionútarach[3] feidhm as cornaí is crúcaí plaistigh nó miotail. Is gá go gcuirfidh duine oilte i mbroinn na mná é. Is éifeachtach an modh é seo inniu,[4]
An piollaire
Cuimsíonn an piollaire stéaróidigh cosúil leis na gnéashormóin bhaineanna, éastraigin is prógaistéarón le chéile, nó prógaistéarón amháin. Coisceann sé ubhsceitheadh agus cuireann tús le hathruithe i líneáil is táil an cheirbhics, na broinne is na bhfeadán útarach a dhéanann naimhdeach don speirm iad.
Is éifeachtaí an comhphiollaire éastraigine is prógaistéaróin ná an piollaire prógaistéaróin amháin (an mionphiollaire).

Caipíní
Tá gairis mheicniúla eile in úsáid — sciatha, scairteacha, is caipíní — a chuireann an bhean isteach ina faighin agus is gá a choinneáil ina ionad ar feadh 6-8 uair i ndiaidh comhriachtana. Feabhsaíonn speirmicíd éifeacht na ngaireas seo.
Coiscíní
Clúdach a chuirtear ar an mbod sula dtosaíonn comhriachtain is ea coiscín. As laitéis is sileacón a dhéantar coiscíní.
Bailítear seamhan (nó síol) an fhir i mealbhóg ag barr an choiscín, ionas nach mbeidh sé in ann dul isteach i gcorp mná chun toircheas a sheachaint.
Cuireann coiscín bac ar scaipeadh galar, amhail SEIF. Is cosaint mheicniúil an-éifeachtach é i gcoinne giniúna, agus i gcoinne SEIF is galar eile a tharchuirtear trí ghnéas. Is annamh a theipeann coiscíní.[5] Mar sin, úsáidtear coiscíní go forleathan san iarthar.
Frithghiniúint éigeandála nó "piolla na maidine dar gcionn"
Tá EllaOne (Ulipristal acetate)[6] le fáil san Aontas Eorpach gan oideas dochtúra, ó 2014. Tá go leor eile ann.[7]
An modh rithime
Tá seachaint comhriachtana i dtréimhse shábháilte, an modh rithime, bunaithe ar an timthriall míosta a bheith go hiomlán tréimhsiúil agus an t-ubhsceitheadh a bhrath go cruinn, ach ní iontaofa an dá thairiscint seo agus mar sin ní iomlán éifeachtach an modh é seo.
Aistarraingt an phéinis
Moltar aistarraingt an phéinis roimh an agall freisin, ach sceitear speirmeacha roimhe sin go minic, agus braitheann sé ar fhéinrialú an fhir: ní féidir go mbeidh sé éifeachtach an t-am ar fad.
Aimridiú
Modhanna Eile
Tá ábhar frithghiniúnach iar-riachtana ann, a chuimsíonn an éistrigin shaorga stilbeistreól, a choisceann ionchlannú aon uibhe toirchithe. Ach níl sé seo iontaofa a dhóthain le húsáid go rialta, agus coinnítear i gcomhair éigeandála é (sracadh an choiscín nó comhriachtain neamhchosanta neamhphleanáilte).[8]

Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sna modhanna luatha, ní raibh aon cheimiceán ná gaireas meicniúil i gceist. Dhéantaí folcadh faighne le huisce i ndiaidh comhriachtana go forleathan, ach ní héifeachtach é sin mar fhrithghiniúint.[9]
Rinneadh cur síos ar an gcoiscín mar chosaint i gcoinne sifilise sa 16ú céad, nach raibh ann ach truaill lín. D'fhionn Charles Goodyear an bolcáiniú rubair sna 1840idí, bunús le tionsclaíocht an rubair, agus dhíol sé coiscíní.[10]
Rinne na Stáit Aontaithe coir as breithrialú ar bhonn graostachta sa bhliain 1873, nuair a ritheadh an Dlí Comstock[11] D'éirigh ábhar frithghiniúnach aindleathach. Shínigh an tUachtarán Ulysses S. Grant an reachtaíocht ina dhlí ar an 2 Máirt 1873.[12]
Ar an 16 Deireadh Fómhair 1916, d'oscail Margaret Sanger an chéad chlinic bhreithrialaithe sna Stáit Aontaithe, an Brownsville Clinic i mBrooklyn. Gabhadh í tamaill ina dhiaidh.
Bhunaigh Marie Stopes a céad chlinic chun breithrialú a chuir ar fáil i Holloway Londain ar an 17 Márta 1921.


Tháinig eolaithe san Ostair agus sa Seapáin ar an an modh rithime sna 1920idí, agus tháinig eolaithe eile ar an faireog phiotútach timpeall an ama céanna.
Ina thaighde ar atáirgeadh daonna, léirigh an fiseolaí Gregory Pincus go rialaíonn cuid de na hormóin shaorga nua an torthúlacht go maith. As seo a saothraíodh an chéad phiollaire frithghiniúna sna 1950idí.[13]
Sa bhliain 1968, sheol an Pápa Pól VI an imlitir Humanae Vitae[14]. Foilsíodh an imlitir seo de thoradh Dara Comhairle na Vatacáine. Chuir an eaglais cosc ar Chaitlicigh an piollaire frithghiniúnach a úsáid. Bhí mórchuid de Chaitlicigh liobrálacha ina choinne. Níor ghlac siad ina iomláine le himlitir Humanae Vitae.[15]
Sna 2020idí, chosain an Pápa Proinsias go láidir an cosc a chuir an Pápa Pól VI ar Chaitlicigh i 1968 an fhrithghiniúint a úsáid. Dúirt sé go raibh leor bealaí a bhí ceadaithe ag an eaglais lena chinntiú nach mbeadh in aon teaghlach ach an líon páistí a bhí uathu.[16],[17]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, birth control
- ↑ i mBéarla, contraception
- ↑ i mBéarla, intrauterine contraceptive device nó IUD
- ↑ uaireanta fadó, chuir an fearas tús le hionfhabhtú, rith fola, agus b'fhéidir damáiste don bhroinn agus aimride
- ↑ Your guide to contraception, HSE,
- ↑ "Ulipristal acetate" (as en) (2025-11-23). Wikipedia.
- ↑ "Emergency contraception" (as en) (2025-12-05). Wikipedia.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Frithghiniúint". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 289.
- ↑ "A Timeline of Contraception | American Experience | PBS" (en). www.pbs.org. Dáta rochtana: 2024-08-28.
- ↑ Fahd Khan, Saheel Mukhtar, Ian K. Dickinson, Seshadri Sriprasad (2013). "The story of the condom". Indian Journal of Urology : IJU : Journal of the Urological Society of India 29 (1): 12–15. doi:. ISSN 0970-1591. PMID 23671357. PMC:3649591.
- ↑ "Comstock Act of 1873" (as en) (2024-08-28). Wikipedia.
- ↑ "Anthony Comstock's "Chastity" Laws | American Experience | PBS" (en). www.pbs.org. Dáta rochtana: 2024-08-28.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gregory Goodwin Pincus". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 518.
- ↑ Feasta Meitheamh 2013 https://issuu.com/cnag/docs/feasta_meitheamh_2013
- ↑ Ní Chualáin, Aingeal - NUI Galway (2013-09-30). "[https://aran.library.nuigalway.ie/bitstream/handle/10379/4196/merged_document.pdf Siocracha Peaca Téamaí an Chaidrimh agus an Ghnéis i Saothar Phádhraic Óig Uí Chonaire agus Mháirtín Uí Chadhain (lch 219)]". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Pápa Proinsias (2015-01-20). "Ná bíodh Caitlicigh mar a bheadh coiníní - An Pápa" (as ga) (Nuacht RTÉ).
- ↑ CBS news (2015). "Pope changes his mind on breeding "like rabbits"?" (en-US). www.cbsnews.com. Dáta rochtana: 2020-07-25.