Jump to content

Graostacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
*&*#$%@#

Tugtar gráisciúlacht, gáirsiúlachtgraostacht nó na focail ghraosta,[1] ar na focail ghnáthchainte a bhfuil baint acu i mBéarla le cúrsaí na collaíochta (go hairithe), agus iad á seachaint i gcaint mhúinte.

Is mallachtaí graosta iad ‘focáil leat’ agus ‘gabh suas ort féin’ – sin cinn a sháraíonn geis maidir leis na feidhmeanna agus gníomhartha coirp a lua os ard. Tá siad ar na mallachtaí is láidre dá bhfuil as Gaeilge sa lá atá inniu.[2]

Míníonn an teangeolaí Melissa Mohr ina leabhar Holy Sh*t[3] nach raibh geis ag baint leis na feidhmeanna coirp a lua sna Meánaoiseanna faoi mar atá lenár linn féin. Bhíodh daoine ina gcónaí ar mullach a chéile, agus teaghlaigh líonmhara plódaithe isteach i dtithe beaga nach raibh ach seomra amháin iontu go hiondúil. Dá bharr sin, ní raobh aon rud as an ngnáth ag baint le baill teaghlaigh a bheith nocht i gcuideachta a chéile, a ngnó a dhéanamh os comhair an tsaoil agus fiú craiceann a bhualadh gan mórán príobháideachais a bheith acu.[2]

Déanann Mohr trácht ar lámhleabhar ón 16ú haois a raibh sé d’aidhm aige dea-bhéasa agus oiliúint a chur ar fhir óga. Deirtear ann nár cheart don fhear óg, agus é ag dul thar bráid duine atá ag déanamh múin, comhrá a thosú leis, agus moltar dó a ghnó féin a dhéanamh sna háiteanna atá leagtha amach chuige sin seachas é a dhéanamh pé áit ar mian leis.

Foilsíodh cuid mhaith lámhleabhair bhéasaíochta den chineál sin ón 16ú haois anonn. Tugann siad léargas dúinn ar an saol a bhí ann sna céadta roimhe sin – is díol suntais é go mba ghá leabhair dá leithéid a chur i gcló ar chor ar bith óir tugann sé le fios nár chleacht daoine na bunrialacha sláinteachais a ndéanaimid talamh slán díobh anois.

D’fhág an salachar agus an easpa príobháideachais nár chuir caint faoi na baill choirp ná faoi na feidhmeanna coirp alltacht ná ionadh ar dhaoine. Gnáthrud a bhí ann focail ar nós beshitten, turd, cunt, piss, a man’s yard agus arse hole a bheith i bhfoclóirí agus i leighis na linne, cuir i gcás.

Ón 18ú haois i leith, áfach, ba mhó an bhéim a cuireadh ar na dea-bhéasa agus tháinig meánaicme chun cinn. Thosaigh siad ag tógáil tithe níos mó nó á ndeighilt ina seomraí ar leith, agus bhí siad in ann tuilleadh ama a chaitheamh ar a n-aonar dá bharr. Thairis sin, d’éirigh an mheánaicme as an eascainí de réir a chéile, rud a dhealaigh iad amach ón íosaicme tráth a raibh coincheap na measúlachta ag teacht chun cinn. Deir Mohr ina leabhar gur tháinig náire faoi na feidhmeanna coirp chun cinn níos luaithe sna ceantair uirbeacha sa Bhreatain ar nós Londan ná mar a tháinig faoin tuath.

Faoin tréimhse Victeoiriach sa 19ú haois, bhí geis ar na focail ghraosta agus ar na feidhmeanna choirp a lua os ard i gcuideachta mheasúil sa Bhreatain. Is sa tréimhse sin a tháinig sofhriotail chun cinn mar mhalairt orthu – cuireadh confinement ar pregnancy, perspire ar sweat agus lingerie ar underwear. Ní deirtí trouserslegs, fiú, ar eagla go gcuirfí baill choirp eile i gcuimhne do dhaoine.

Cé nach bhfuil geis chomh mór sin ar na feidhmeanna coirp a lua a thuilleadh, tá leithéidí cunt, shit agus fuck ar na mallachtaí is cumhachtaí sa Bhéarla go fóill.[2]

Is minic a úsáidtear mionnaí móra sa Ghaeilge, áit a bhfuil focail ghraosta ann sa Bhéarla. Féach ar an iontráil le haghaidh for fuck’s sake, mar shampla: ‘in ainm Dé, ar son Dé, in ainm Chroim’.[4] Tá an chuma ar an scéal gurb iad na mionnaí móra na mallachtaí is coitianta sa Ghaeilge agus go n-úsáidtear iad de rogha ar na focail ghraosta, mar sin.

Bhí baint ag cultúr agus ag cúinsí saoil an phobail Gaeilge san am atá thart leis an scéal. Ós rud é gur cuireadh an teanga faoi chois agus gur díbríodh í ó na bailte móra, d’fhan an Ghaeilge ceangailte leis an saol tuaithe réamhthionsclaíoch ar feadh tréimhse níos faide ná go leor teangacha eile. Is i mbotháin aon seomra a bhíodh cónaí ar chuid mhaith de lucht labhartha na Gaeilge anuas go dtí deireadh an 19ú haois, ar a laghad, agus teaghlaigh líonmhara ag cur fúthu iontu go minic, rud a d’fhág go raibh easpa príobháideachais acu agus gur lú seans go dtiocfadh náire orthu faoi na feidhmeanna coirp dá réir.[2]

Is cosúil, dá bharr sin, nach raibh na Gaeil chomh tugtha céanna do na sofhriotail i gcúrsaí coirp agus a bhí na Béarlóirí – ar foclóir.ie is í an Ghaeilge atá ar to defecate ná ‘do chac a dhéanamh’.[5] Dealraíonn sé nach bhfuil (nó nach raibh) aon gheis rómhór ag baint le ‘do chac a dhéanamh’ sa teanga. Ní thugtar le fios i bhFoclóir Uí Dhónaill go bhfuil aon rud iontach gáirsiúil ag baint le ‘cac’: is é dirty, worthless, thing an t-aistriúchán atá ar ‘rud caca’.

Seans go bhfuil fobhrí gháirsiúil á samhlú leis de réir a chéile – ar foclóir.ie tá nóta vulgar taobh leis agus taobh le nathanna a bhfuil sé ann freisin (‘tá mo chac agam’). Seachas an chiall litriúil a bhí aige riamh, bhaintí leas as ‘cac’ san am atá thart chun cur síos ar rud salach nó ar dhuine suarach, ach ní léir go raibh aon rud róghraosta ag baint leis a bheadh ar aon dul le shit an Bhéarla (is dócha go raibh sé níos cóngaraí do poo).

Tá focail ghraosta ann sa Ghaeilge a bhfuil dath agus blas orthu – ‘cacamas’, ‘cunús’, ‘bastún’ agus ‘mac na bitsí’, mar shampla. Tá ‘foc’ agus ‘focáil’ tagtha isteach ón mBéarla. Ach níl aon bhriathar dúchais Gaeilge ann a d’fhreagródh do fuck ó thaobh solúbthachta, graostachta agus forleithne de. Bhí easpa piúratánachais ann i measc na nGael i gcúrsaí collaíochta, b'fhéidir. Níor éirigh na Gaeil chomh piuratánach leis na Sasanaigh sa tréimhse Victeoiriach.

Inniu an bealach is coitianta chun cur síos ar an ngníomh collaíochta sa Ghaeilge ná ‘craiceann a bhualadh’, nath nach gcuireann mórán faoi cheilt.[2]

Toisc nach ionann forbairt stairiúil na dteangacha ó thaobh na mallachtaí de, is deacair uaireanta iad a aistriú ó theanga go chéile. Mar shampla, is é ‘in ainm Dé, scrios Dé, i gcuntais Dé’ atá ar fuck me ar foclóir.ie, ‘cad sa riach atá uait?’ atá ar what the fuck do you want? agus ‘bíodh an diabhal dearg acu’ atá ar they can fuck right off. Níl an Ghaeilge chomh maslach leis an mBéarla sna cásanna sin. Ach is deacair iad a aistriú mura bhfuil geis chomh mór sin ar an ngraostacht sa Ghaeilge. I dtiontú na bhfocal sin chuaigh foireann foclóir.ie i muinín na mionnaí móra (‘in ainm Dé’, ‘sa riach’, ‘…an diabhal dearg’) ach an bhfuil a mbrí chomh láidir agus a bhí tráth? Ní fheadar sa riach.[2]

Sa Ghaeilge, bíonn sé deacair ag an bhfoghlaimeoir tuiscint cheart a fháil ar an gcuid seo den teanga, ós rud é nach mbíonn lucht na bhfoclóirí sásta iad a chur i míotar. Dá réir sin, is minic a bhaineann foghlaimeoirí úsáid as leaganacha Gaelaithe de na focail Bhéarla, agus iad amscaí go leor.

Sampla samhlachúil de seo is ea an briathar feisigh/feisiú nach bhfuil bunús ar bith leis sa teanga thraidisiúnta: is dócha go bhfuil sé bunaithe ar cheann de na seach-chialla (cohabitation, wedlock) a luaitear leis an bhfocal feis i bhfoclóir Uí Dhuinnín. I bhfoclóir Uí Dhónaill, cuirtear an nod Lit: leis an bhfocal feis sa chiall sexual cohabitation, rud a chiallaíonn nach mbaineann an bhrí sin leis an bhfocal céanna ach i litríocht na Nua-Ghaeilge Clasaicí, agus nach féidir súil a bheith agat leis an gciall sin i nGaeilge na Gaeltachta ón bhfichiú haois.

Is í an úsáid is minicí a bhaintear as an bhfocal feisigh inniu ná feisigh leat, is é sin, imigh leat, bailigh leat, gread leat, croch leat; agus is léir gur iarracht é seo leis an teilgean cainte Béarla úd fuck off a aistriú go Gaeilge.

Sa Ghaeilge, is féidir úsáid a bhaint as an bhfocal Béarla féin: focáil leat, ach is amhlaidh go bhfuil sin ciotach freisin. De ghnáth san am atá thart, áfach, ní dheachaigh lucht na Gaeilge i muinín na gráisciúlachta le mallacht a chur ar dhaoine, ach i dteilgeanacha cainte de chineál eile, cosúil le spréadh ort (leagan Ultach den spré, is é sin, ainm briathartha den bhriathar spréigh atá ann), nó, go díreach, mallacht ort. D'fhéadfaí droch-chríoch ort a rá freisin.

Maidir leis na focail ghráisciúla sa Ghaeilge, is dócha go bhfuil geis áirithe ar an bhfocal striapach, a chiallaíonn "bean a mbíonn caidreamh collaí aici ag fir éagsúla", "bean choiteann", "meirdreach". Aithníonn an foclóir Ó Ghlíomáil go Giniúint an teilgean cainte an t-ainm mór a thabhairt ar bhean, is é sin, ainm na striapaí a thabhairt uirthi.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, lewdness, obscenity, filthiness, vulgarity, obscenitybawdy talk
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 Eoin Ó Cróinín / Nós.ie (2023-05-16). "‘Níl aon bhriathar dúchais Gaeilge ann a d’fhreagródh do ‘fuck’ ó thaobh solúbthachta, graostachta, agus forleithne de’" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-06-05.
  3. Melissa Mohr. "Holy Sh*t". oup.com. Dáta rochtana: 2025-03-13.
  4. focloir.ie. "For fuck's sake". Dáta rochtana: 2025.
  5. focloir.ie. "defecate". Dáta rochtana: 2025.