Gnéashormóin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Hormóin stéaróideacha a tháirgtear is a tháltar ag na gónaid den chuid is mó is na faireoga aidréineacha, riachtanach i gcomhair forbartha gnéasaí agus rialú an fheidhm atáirgthe. Sa duine, is iad na príomhghnéashormóin ná aindriginí áirithe (téististéarón is déhidritéististéarón) a fhaightear go flúirseach sa bhfireannach, agus prógaistiginí (prógaistéarón) is éastraiginí áirithe (éistridé-ól, éastrón is éastréól) a fhaightear go flúirseach sa bhaineannach. Is dócha go ngníomhaíonn siad ar an inchinn chun oibriú ar iompar gnéasach is eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Gnéashormóin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 325.