Timthriall míosta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é atá i gceist sa timthriall míosta ná athruithe nádúrtha i dtáirgeadh na hormón agus i struchtúir an útarais agus na n-ubhagán i gcóras atáirgthe na mban a chuireann an toircheas ar a gcumas. Ar dtús spreagtar an t-ubhagán ag hormón falacailspreagthach (FSH), forbraíonn is aibíonn an fhalacail ubhagánach, agus táltar tuilleadh éastraigine. In an-chuid mamach, tagann an baineannach le bheith so-ghabhála don fhireannach. Sa bhean, tarlaíonn scaoileadh an ubháin leathshlí tríd an timthriall. Nuair a shroicheann tál na héastraigine a bhuaicphointe, atann tál an hormón lúitéinithigh (LH) an fhalacail go tapa, agus briseann sí isteach i gcuas an bhoilg. Bailíonn an feadán útarach (fallópach) an t-ubhán atá ag aibiú ansin. Má tharlaíonn toirchiú, is taobh istigh den fheadán útarach é, taobh istigh de 24 uair i ndiaidh scaoileadh an ubháin de ghnáth. Ag an am céanna tugann tál leanúnach an LH ar iarmhar na falacaile athrú ina corpus luteum, a thálann an hormón prógaistéarón is tuilleadh éastraigine. Muna dtarlaíonn toircheas, ní leanann an corpus luteum níos mó ná 12 lá. Mar sin, ní tháltar prógaistéarón go leanúnach sa bhean nach bhfuil torrach. Ullmhaíonn an prógaistéarón líneáil na broinne d'ionchlannú leis an ubhán toirchithe. Muna dtarlaíonn ionchlannú, stopann tál an phrógaistéaróin, rud a chuireann an corpus luteum ag cúlú is an t-inmheitriam ag dealú ó chéile is ag cur fola, sreabhadh na fola míosta. Tarlaíonn an sreabhadh míosta go tréimhsiúil, timpeall 4 sheachtain eatarthu.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Timthriall míosta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 662.