'Diagacht an Choirp', teagasc de chuid an Phápa Eoin Pól II.

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eoin Pól II, Sydney, an Astráil

Teagasc de chuid an Phápa Eoin Pól II, a bhí mar ábhar de shraith 129 léacht a thug an Pápa le linn a chuid éisteachtaí Céadaoine idir Mheán Fómhair 1979 agus Samhain 1984 is ea Diagacht an Choirp. Is athnuachan é Diagacht an Choirp ar an insint oifigiúil, ach dar ndóigh fanann an Pápa dílis do thátail fhadbhunaithe na hEaglaise maidir le dea-iompar agus é ag breathnú ar fhoilsiú Dé i ndáiríre le teagasc tathagach ar dhiagacht na collaíochta agus an phósta a thabhairt.

B'é céad mhórtheagasc a phápachta é agus bailíodh is foilsíodh na haithisc iomlána in aon saothar amháin ina dhiaidh sin. Rinneadh athrá ar théamaí Dhiagacht an Choirp agus forbraíodh iad in go leor de chuid imlitreacha, litreacha agus sheanmóirí Eoin Pól. Bunaítear an teagasc nó caiticiosma ar roinnt sleachta ón mBíobla agus déantar machnamh agus leathnú amach orthu, go háirithe an téacs a thógtar as an leabhar Geineasas ag tús an Bhíobla. Déantar machnamh ar cén rud é bheith i do dhuine daonna, bheith cruthaithe i d'fhireann nó i do bhaineann agus ar an gcollaíocht freisin. Is iarracht í "Diagacht an Choirp" teagasc na hEaglaise ar na cúrsaí sin a mhíniú agus a chosaint.

Roinntear aithisc Dhiagacht an Choirp i gcodanna suntasacha agus tá fad réasúnta mór ann. Tá sé ráite ag leithéidí Chríostóir West gur fhorbairt an-mhór í Diagacht an Choirp i nDiagacht na hEaglaise Caitlicí. Deirtear gurb í cur chuige Dhiagacht an Choirp céim mhór i bhforbairt na diagachta.

Is suimiúil an leagan amach atá ag Diagacht an Choirp. Ós rud é gur tugadh é ó bhéal le linn éisteachtaí na Céadaoine, bíonn go leor athrá ann agus tabharfaidh tú é seo faoi deara má dhéanann tú iarracht an leagan scríofa a léamh. Ag an am céanna áfach feileann an cur chuige seo intinn rothlaíoch an Phápa - fágann sé téamaí agus filleann sé orthu ar ball. Cuidíonn sé seo freisin, d'fhéadfá a rá, leis an ábhar a dhoimhniú i d'intinn féin. Is leagan amach ciorclach seachas líneach atá ann.

I soiscéal Mhatha, nuair a chuireann na Fairisínigh ceist ar Íosa i dtaobh an cholscartha, tagraíonn Sé do sheift Dé ó thús. Cuireann sé síos ar an loighic a bhaineann léi. Rinne an Cruthaitheoir ó thús iad fireann agus baineann (Gein. 1:27). Agus an Pápa ag déanamh staidéir ar chaibidlí luatha an leabhair Geineasas, díríonn sé ár n-aird ar thrí bhuntaithí an duine, sé sin; aonraiceas bunaidh, aontacht bhunaidh agus nochtacht bhunaidh. Séard is ciall le haonraiceas bunaidh ná go bhfuil an chéad duine, sé sin Adamh, leis féin agus éagsúil ó gach dúil bheo eile. Toisc go bhfuil an duine cruthaithe in íomhá Dé agus toisc go bhfuil sé mar chuid de bhuntréithe Dé go mbronnann Sé É féin gan truailliú, ní féidir leis an duine teacht ar thuiscint iomlán de féin gan é féin a thabhairt mar bhronntanas ionraic nó, is dóigh, íobairt a dhéanamh. Tá gairm ó Dhia ag an duine maireachtáil i bpáirt le duine eile agus do dhuine eile agus is é seo bunús a chuid daonnachta. Is cineál de sméar mhullaigh na cruthaíochta é cruthú an duine ina fhireann agus ina bhaineann agus a gcomhrannpháirteacht ina gcéile.