Mártan Liútar agus frith-Sheimíteachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mártan Liútar

Bhí an-tionchar ag Mairtín Liútar (1483–1546) ceannaire Reifirméisin Gearmánach, ar  fhrith-Sheimíteachas na Gearmáine trí fhoghanna a thabhairt faoi na Giúdaigh.

Éabhlóid a chuid tuairimí[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'athraigh dearcadh Liútair i dtreo na nGiúdach le linn a shaoil. Go luath, ina ghairm bheatha—go dtí thart ar 1536—léirigh sé údar imní faoi a gcruachás san Eoraip, agus bhí loinne dhíograise aige i dtaobh iad a iompú chun na Críostaíochta, tríd a chuid creidimh leasuithe.

Nuair nár éirigh leis, ina dhiaidh sin, cháin Liútar an Giúdachasachas agus mhol sé géarleanúint ghéar á himirt ar a lucht leanúna, ionas nach mbeadh cead acu dul ag teagasc. I mír dá chuid, san fhoilseachán Von den Jüden und iren Lügen (Gaeilge: ''Faoi na Giúdaigh agus a gcuid bréag'') scríobh sé gur mór an náire í teip na Críostaíochta iad a dhíbirt.[1] Thairis sin, chuir sé an chéist "Cad a dhéanfaidh Críostaithe leis na daoine eitithe agus damnaithe seo, na Giúdaigh.":[1]

  • "Ar dtús, tine a chur ar a gcuid sionagóg nó a scoileanna … Tá sé seo le bheith déanta in onóir ar ár dTiarna agus ar ár gCríostaíocht, ionas go bhfeice Dia gur Críostaithe sinn …"
  • "Sa dara háit, comhairlím go leagtar agus go scriostar a gcuid tithe freisin."
  • "Tríú, comhairlím go dtógtar uathu a gcuid leabhar paidir agus gach scríbhinní Talmúdacha, óna dteagasctar dá leithéid agus íoladhradh, bréaga, mallachtaí agus diamhaslaí."
  • "Ceathrú, comhairlím go gcuirtear cosc ​​ar a gcuid raibithe a bheith ag teagasc as seo amach faoi phriacal a n-anamacha ..."
  • Von den Juden und ihren Lügen, Martin Luther, 1543.
    "Cúigiú, comhairlím go gcuirtear deireadh le coimirce aistir go hiomlán do na Giúdaigh go sábháilte ar na mórbhealaí. Toisc nach bhfuil aon ghnó acu faoin tuath ..."
  • "Séú, comhairlím go gcuirtear cosc ar úsaireacht orthu, agus go nglactar uathu a gcuid airgiad tirim agus taisce, idir ór agus airgead, go léir ..."
  • "Seachtú, molaim go gcuirtear súiste, tuar, grafóg, spád, coigeal nó fearsaid i lámha na nGiúdach, óg láidir, idir fir is mnán agus go ligtear dóibh a n-arán a thuilleamh lena gcuid allais féin ... Ach má eagla orainn go bhféadfadh siad dochar a dhéanamh orainn nó ár mná céile, leanaí, seirbhísigh, eallach, srl., ansin go ligtear dúinn aithris a dhéanamh ar thuiscint choitianta na náisiúin eile amhail an Fhrainc, an Spáinn, an Bhoihéim, srl., ... ansin iad a díchuir go deo ón tír ... "
Vom Schem Hamphoras (leagan 1598)

Luathbhlianta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Liútar a chéad trácht ar na Giúdaigh i litir a scríobh sé chuig an t-Urramach Georg Spalatin sa bhliain 1514 [2]:

Sa bhliain 1519, ceistigh Lútair an teagasca Servitus Judaeorum ("Sclábhaíocht na nGiúdach"), a seanbhunaíodh i Corpus Juris Civilis ag Iustinianus I ó 529-534. Scríobh sé: "Cosnaíonn diagairí áiféiseacha fuath ar na Giúdaigh. Cén Giúdach a cheadódh dul isteach in ár measc nuair a fheiceann sé an chruálacht agus an naimhdeas a bhrúann muid orthu - nach bhfuil muid cosúil le Críostaithe ach le beithígh inár n-iompar" [3]

Ina aiste sa bhliain 1523 Gur Giúdach ó dhúchas ab ea Íosa Críost Íosa, cháin Liútar drochíde chruálach i gcoinne na nGiúdach agus d'áitigh sé ar Chríostaithe caitheamh leo go cairdiúil. Ba í mian a chroí ná go gcluine na Giúdaigh an Soiscéal fógartha go soiléir agus go gcuire sin fonn orthu bheith ina Chríostaithe. Dá bhrí sin d'áitigh sé:. Ba é an fonn a bhí ag Luther ná go gcloífeadh na Giúdaigh an Soiscéal a fógraíodh go soiléir agus go ndéanfaí é a aistriú go dtí an Chríostaíocht.

"Judensau" ar séipéal i Wittenberg (1300-1400)

Comhghríosú frith-Sheimíteach[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éirigh go rathúil le feachtas Liútir rathúil i gcoinne na nGiúdach san tSacsain, i mBrandenburg, agus san tSiléis. I mí Lúnasa 1536, d'eisigh Prionsa Liútir, Johann Friedrich I,Toghthóir na Sacsaine, sainordú a chuir na Giúdaigh faoi toirmiscthe ó bheith ina chónaí, ag dul i mbun gnó nó ag dul trína réimse. D'iarr an Schtadlan Alsáiseach, an Raibí Josel von Rosheim ar an leasaitheoir Wolfgang Capito chun dul i gcomhairle le Liútar le coinne a fháil leis an Phrionsa, ach dhiúltaigh Liútar gach idirghabháil.[4]

Mar fhreagra ar Josel, thagair Liútar ar a chuid iarrachtaí nár éirigh leo chun na nGiúdach a thiontú: "... Ba mhaith liom mo chuid is fearr a dhéanamh do do dhaoine ach ní chuirfidh mé le do cheanndánacht [ceanndánacht na nGiúdach] de réir mo chuid deaghníomhaíochtaí féin. Caithfidh tú idirghabhálaí eile a aimsiú le mo thiarna uasal.[5] Tugann Heiko Oberman faoi deara gur ócáid shuntasach í seo i ndearcadh Lútar i dtreo na nGiúdach: "Fiú sa lá atá inniu ann, is minic go measfar gurb é an diúltú seo an cor cinniúnach i ngairm Liútar ó chairdiúlacht go naimhdeas i dtreo na nGiúdach." [6]

Tagairtí agus nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Luther, Martin", JewishEncyclopedia.com; cf. Luther's Works, American Edition, 55 vols., (St. Louis and Philadelphia: Concordia Publishing House and Fortress Press, 1955–86) 47:267.
  2. Martin Luther, "Luther to George Spalatin Curtha i gcartlann 2007-07-02 ar an Wayback Machine," in Luther's Correspondence and Other Contemporaneous Letters, trans. Henry Preserved Smith (Philadelphia: Lutheran Publication Society, 1913), 1:29.
  3. Luther quoted in Elliot Rosenberg, But Were They Good for the Jews? (New York: Birch Lane Press, 1997), p.65.
  4. Martin Brecht, Martin Luther (Minneapolis: Fortress Press, 1985–1993), 3:336.
  5. Luther's letter to Rabbi Josel as cited by Gordon Rupp, Martin Luther and the Jews (London: The Council of Christians and Jews, 1972), 14. According to [1] Curtha i gcartlann 2005-11-04 ar an Wayback Machine, this paragraph is not available in the English edition of Luther's works.
  6. Heiko Oberman, Luther: Man Between God and the Devil (New York: Image Books, 1989), p.293.