Giuseppe Garibaldi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Giuseppe Garibaldi, timpeall 1861

Ba cheannaire Iodálach é Giuseppe Garibaldi (4 Iúil 18072 Meitheamh 1882), saighdiúir agus tirghráthóir. Bhí ról lárnach aige sna cogaí a tharla sa 19ú haois agus aontú na hIodáile dá bharr. Tá cáil ar thuras taiscéalaíochta Garibaldi, turas a raibh aontú na hIodáile mar thoradh air.[1]

Cógaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an aonú lá déag den Bhealtaine, 1860, chuaigh Garibaldi agus a chuid óglach i dtír sa tSicil. Míle seachtar fear agus trí scór a bhí aige leis, agus is gnách "feachtas na míle" a thabhairt ar an ngabháltas a rinne sé ar an oileán.

Ghair Garibaldi deachtóir de féin agus shealbhaigh sé an tSicil ar fad, agus ansin, chuaigh sé chun cogaidh in aghaidh rítheaghlach Bourbon a bhí ag rialú Ríocht an Dá Shicil. Ar an seachtú lá de Mhí Mheán Fómhair sa bhliain 1860, d'fhorghabh díormaí Garibaldi cathair Napoli, príomhchathair Ríocht an Dá Shicil, agus ruaigeadh curtha acu ar Phroinsias a Dó, rí deireanach na ríochta sin.

Giuseppe Garibaldi, timpeall 1866

I Mí na Samhna 1860, tháinig arm na Sairdíne, agus é faoi cheannas pearsanta an Rí Vittorio Emanuele féin, in araicis Garibaldi. D'éirigh Garibaldi as an deachtóireacht, nó níor theastaigh uaidh cath a chur ar an Rí, go háirithe nuair a thaispeáin reifreann sa tSicil go raibh na Siciligh sásta glacadh le forlámhas na Sairdíne/Piemonte ar an oileán.

Sa bhliain 1867, d'fhill Giuseppe Garibaldi ar shaol polaitiúil na hIodáile, agus mar ba dual don tseansaighdiúir, d'fhruiligh sé slua mór d'óglaigh leis na Stáit Phápacha a ionsaí.

D’éag Garibaldi ar an 2 Meitheamh 1882, ina bhaile féin ar oileán Caprera, in aois 75 dó.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]