Réalteolaíocht theoiriciúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is éard atá i réalteolaíocht theoiriciúil samhlacha anailíseacha d’fhisic agus de cheimic a úsáid chun cuntas a thabhairt ar reanna réalteolaíocha agus feiniméin réalteolaíocha. Glactar go coitianta leis gurb éard a chuir tús le réalteolaíocht theoiriciúil saothar Johannes Kepler (1571–1630), réalteolaí a chum dlíthe na gluaisne pláinéadaí.

Ba bheag an mhoill ar an réalteolaíocht teicnící ríomhaireachtúla a úsáid. Bhí gá le cruinneas i gcúrsaí réalteolaíochta agus b’fhearr go mbeadh sí ar fáil i bhfoirm a ligfeadh do réalteolaithe anailís mhatamaiticiúil a dhéanamh ar fhadhbanna áirithe. Is iondúil go mbaineann réalteolaíocht theoiriciúil feidhm as teoiric imtharraingthe Isaac Newton toisc nach mór an tionchar atá ag an gcoibhneasacht ghinearálta ar an gcuid is mó de na reanna neamhaí. Tríd is tríd, tugann an réalteolaíocht aird ar ghluaisne reann neamhaí, gluaisne a bhfuil cuma chasta uirthi ach atá tréimhsiúil.

Réalteolaíocht agus fisic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuidigh an fhisic le léargas a thabhairt ar fheiniméin réalteolaíocha agus chuidigh an réalteolaíocht le léargas a thabhairt ar fheiminéin fhisiciúla.[1]

  1. Fuarthas eolas ar dhlí na domhantarraingthe ó ghluaisne na Gealaí agus na bpláinéad
  2. Fuarthas eolas ar fhóntacht an chomhleá núicléach ón nGrian agus ó na réaltaí, rud nach féidir a dhéanamh ar an Domhan fós ar dhóigh shrianta.[1]

Baineann an méid a leanas le comhcheangal na réalteolaíochta agus na fisice:

Idirghníomhaíocht fhisiciúil Feiniméin réalteolaíocha
Leictreamaighnéadas: Breathnú le cabhair ón speictream leictreamaighnéadach
Radaíocht theirmeach Radaíocht réaltach
Radaíocht sincreatróin Radafhoinsí réalteolaíocha agus foinsí réalteolaíocha X-ghathacha
Idirleathadh Compton Foinsí réalteolaíocha X-ghathacha
Luasghéarú cáithníní luchtaithe Pulsáir agus gathanna cosmacha
Ionsú (radaíocht leictreamaighnéadach) Damhna idir-réaltrach
Idirghníomhú láidir agus lag: Núicléisintéis i réaltaí
Gathanna cosmacha
Ollnóva
Cruinne chianaosta
Imtharraingt: Gluaisne pláinéad, satailítí nádúrtha agus déréaltaí, comhdhéanamh agus éabhlóid na réaltaí, fadhb na n-réad i mbraislí réaltaí agus réaltraí, dúphoill, agus an Ollphléasc (forbairt na cruinne).[1]

Is éard atá sa réaltcheimic staidéar a dhéanamh ar fhlúirse agus ar imoibriú na ndúl ceimiceach agus móilíní sa spás agus a n-idirghníomhú le radaíocht. Cuirtear suim ar leith i ngineadh, comhdhéanamh adamhach agus ceimiceach, éabhlóid agus cinniúint na néalta móilíneacha toisc gur as na néalta sin a fháisctear grianchórais.

Léiríonn réalteolaíocht infridhearg go bhfuil an damha idir-réaltach lán de chomhdhúile casta carbóin gásphas a dtugtar hidreacarbóin iolfháinneacha aramatacha orthu. Den chuid is mó tá na móilíní seo déanta d’fháinní comhleáite carbóin atá neodrach nó ianaithe agus deirtear gurb iad an cineál de chomhdhúil charbóin is coitianta sa chruinne iad. Chomh maith leis sin, tá siad ar an gcineál is coitianta i ndreigítí agus i ndeannach cosmach. Tugann na comhdhúile seo leo deoitéiriam (2H) agus iosatóipí carbóin, nitrigine agus ocsaigine atá an-tearc ar an domhan, rud a léiríonn gur ón spás a tháinig siad. Síltear go ndéantar na móilíní seo timpeall fathaigh dhearga, réaltaí atá ag fáil bháis agus iad lán de charbón.

Tá ceimic neamhchoitianta le fáil i bhfolús an spáis, mar ní féidir le hiomoibriúcháin siméadrachtchoiscthe titim amach ach amháin sa tréimhse is faide amach. Dá bhrí sin, is féidir le móilíní agus le hiain mhóilíneacha atá éagobhsaí ar an domhan a bheith flúirseach sa spás. Ní mór feidhm a bhaint as réaltcheimic, réaltfhisic agus fisic núicléach chun eolas a fháil ar éabhlóid na réaltaí agus ar na himoibriúcháin núicléacha i réaltaí. Déanann na himoibriúcháin sin gach dúil cheimiceach nádúrtha. Baineann grian chéadghlúine feidhm as hidrigin eiliminteach (H) mar bhreosla agus déanann sí héiliam (He). Is í an hidrigin an dúil is flúirsí, agus is í bunús na ndúl eile go léir í toisc nach bhfuil ina núicléas ach prótón amháin. Cruthaíonn an imtharraingt i dtreo lár réalta an t-uafás teasa agus brú, rud is cúis le comhleá núicleach agus le dúile níos troime a dhéanamh, leithéidí litiam, carbóin, nitrigine agus ocsaigine. Tar éis mórán réaltghlún gintear dúile an-troma, leithéidí iarainn agus luaidhe.

Uirlisí agus topaicí na réalteolaíochta teoiriciúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar na uirlisí a úsáideann réalteolaithe teoiriciúla tá mionsamhlacha matamaiticiúla (ioltróip chun aithris a dhéanamh ar iompar réalta, mar shampla) agus ríomhionsamhlúcháin uimhriúla.

Déanann réalteolaithe iarracht ar mhionsamhlacha a chruthú agus ar thorthaí na mionsamhlacha sin a mheas. Déanann siad iarracht ar mhionsamhlacha a chruthú nó a athrú chun sonraí nua a chur san áireamh. Mura bhfuil an fhianaise ag cur leis an mionsamhail, tá sé de nós ag eolaithe an t-athrú is lú a dhéanamh chun na sonraí a chur in oiriúint don mhionsamhail.

Damhna dorcha agus fuinneamh dorcha príomhthopaicí na réalteolaíochta faoi láthair, mar thángthas orthu nuair a bhí staidéar á dhéanamh ar na réaltraí.[2]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Narlikar JV (1990). "Curriculum for the Training of Astronomers". IAU Colloq. 105: The Teaching of Astronomy: 7. Cambridge, England: Cambridge University Press. Bibcode1990teas.conf....7N. : "Contrary to the belief generally held by laboratory physicists, astronomy has contributed to the growth of our understanding of physics."
  2. http://imagine.gsfc.nasa.gov/docs/science/know_l1/dark_matter.html: "There is currently much ongoing research by scientists attempting to discover exactly what this dark matter is".

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]