Núicléisintéis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cruthú dúl ceimiceach trí imoibrithe núicléacha i réaltaí is pléascthaí cosmacha eile is ea núicléisintéis.[1] Tuigtear nach raibh ach hidrigin is héiliam sa luath-Chruinne. Ansin trí dhó hidrigine is pléascthaí núicléacha (mar shampla, ag deireadh ré réalta) cruthaíodh dúile eile trí phróiseas a dtugtar claochlú air. Mar shampla, cruthaíodh adaimh carbóin na mílte milliún bliain ó shin trí núicléas héiliam a tháthú le chéile faoi ardteocht sna céadta milliún grád.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “núicléisintéis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-01.
  2. Hussey, Matt (2011). "Núicléisintéis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 489.