Braisle réaltaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Braisle réaltaí

Grúpa réaltaí a bhaineann le chéile go fisiciúil sa spás. I mbraislí oscailte nach bhfuil dlúth le chéile is iad i bplána an réaltra, ní bhíonn ach idir cúpla dosaen is cúpla céad iontu, agus iad óg go leor. Faightear braislí dlútha cruinneogacha scaipthe i bhfáinne timpeall réaltraí. Bíonn siad seo cruinn, na céadta míle réalta iontu is iad an-sean, chomh sean leis an réaltra féin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Braisle réaltaí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 87.