Deannach cosmach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Deannach cosmach

Gráinníní micreascópacha deannaigh ón spás amuigh, a dtugtar páirteagail Brownlee orthu, as an bhfear a bhailigh é den chéad uair. Tagann sé isteach san atmaisféar ar ardluas, agus moillítear é trí chúltharraingt san atmaisféar uachtarach. Caitheann sé na míonna ar foluain sa strataisféar, agus is féidir é a bhailiú le heitleán taighde ardeitilte nó stáisiún spáis. Cúpla miocrón (micriméadar) ar leithead a bhíonn na páirteagail, agus póiriúil go minic. Meastar go dtagann cuid de ó chóiméid.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Deannach cosmach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 202.