Micriméadar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tomhsaire chun tomhais chruinne faid a dhéanamh. Is é a bhíonn ann ná fearsaid a ghluaistear le scriú ar a bhfuil snáithe an-mhín. Cuirtear an réad atá le tomhas idir ceann na fearsaide is inneoin an mhicriméadair. Bíonn cos an mhicriméadair calabraithe ionas gur féidir an fad a léamh ar bhairille na coise. Tá cineálacha le léamh digiteach ann freisin.