Christiaan Huygens

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Christiaan Huygens
Christiaan-huygens4.jpg
Saol
Eolas breitheAn Háig, 14 Aibreán 1629
NáisiúntachtPoblacht na Seacht nDúiche Aontaithe
BásAn Háig, 8 Iúil 1695, 8 Meitheamh 1695
Muintir
AthairConstantijn Huygens
MáthairSuzanna van Baerle
Céile/Céilíluach ar iarraidh
Siblíní
Teaghlach
Oideachas
Alma materOllscoil Leiden
Ollscoil Angers
Stiúrthóir tráchtaisFrans van Schooten
Jan Jansz de Jonge Stampioen
Mic léinn dochtúireachtaGottfried Leibniz
TeangachaAn Laidin
Mic léinnDenis Papin
Gottfried Leibniz
Gairm
Gairmréalteolaí, matamaiticeoir, fisiceoir, ceoleolaí, cumadóir, teoiricí ceoil, fisiceoir teoiriciúil, feithideolaí agus déantóir uirlisí
Áit oibrePáras agus Hofwijck (en) Aistrigh
FostóiríAcadamh na nEolaíochtaí
Saothar iomráiteachHorologium Oscillatorium (en) Aistrigh
Daoine le tionchar air/uirthiGalileo Galilei
BallraíochtCumann Ríoga
Acadamh na nEolaíochtaí
Cleamhnú
ReiligiúinDutch Reformed Church (en) Aistrigh

Bhí Christiaan Huygens (14 Aibreán 1629 - 8 Iúil 1695) mar réalteolaí agus fisiceoir Ollannach. Chuir sé teoiric thonnach an tsolais is prionsabal Huygens faoi bhráid an phobail, agus d'fhionn polarú solais. Ba é Huygens an chéad duine a thairg gur tonnta atá sa solas, rud nár ghlac Newton leis in aon chor.[1]

Taighde[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fisic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí baint ag Huygens le forbairt an calcalas nua aimsithe. Bhí a obair tábhachtach ó thaobh a argóintí i bhfabhar tonn teoiric an tsolais. Léargas a d'fhoilsigh Huygens i 1678 is ea Prionsabal Huygens, gur féidir cruth fronta toinne a réamhinsint agus í faoi fhorás.

D'fhoirmligh Huygens Dara Dlí Niútan i bhfoirm cearnach, níos déanaí rinne Isaac Newton ceartúcháin agus ath-fhoirmligh sé an dlí.

Cosantóir luath ar theoiric thonnach an tsolais ab ea Christian Huygens, ach chloígh Newton leis an tsean-teoiric, an teoiric choirpíneach, go raibh solas déanta as páirteagail nó coirpíní. Bhí Huygens is Newton tar éis polarú solais le criostal cailcíte a bhrath, ach níorbh fhéidir leo an feiniméan a mhíniú.

Réalteolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhraith sé fáinne is 4ú satailít Sataim sa bhliain 1655 (gealach Satarn, Titan). Fad is a bhí sé ag staidéar fáinní Saturn, sa bhliain 1656. d'fhionn sé go raibh siad déanta de carraigeacha.

Sa bhliain chéanna, rinne sé staidéar ar, agus sceitse de, Réaltnéal Oiríon. Bhí a phictiúir foilsithe sa Systema Saturnium sa bhliain 1659.

Huyghens - Traité de la lumière

Ag baint úsáid as a teileascóp, bhí sé in ann na réaltaí sa réaltnéal a aimsiú. (Glaodh an Réigiún Huygens ar an píosa is gile sa taobh istigh den réaltnéal). D'fhionn sé freisin cúpla réaltnéal eile (réaltaí dúbailte) .

Ceapadóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thóg sé an chéad chlog luascadáin i 1657. Rinne Huygens obair ar chloig níos cruinne, go háirithe ó thaobh loingseoireacht. Sa bhliain 1658 d'fhoilsigh sé leabhair faoi seo darbh ainm Horologium. Eisean a cheap an Chlog luascadánach, a bhí an tábhachtach ó thaobh coimeád an t-am, agus staidéar ar an t-am.

"Systema Saturnium" le Christiaan Huygens

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Huygens sa Háig. Rinne sé staidéar ar an dlí in Ollscoil Leiden agus an Cóláiste Óráiste i mBreda, roimh staidéar ar an eolaíocht.

Bhí sé chairdiúil le Blaise Pascal, agus eisean a thug spreagadh do Huygens a leabhair faoi teoiric dóchúlacht a fhoilsiú sa bhliain 1657.

Toghadh Huygens mar baill den Cumann Ríoga sa bhliain 1663. Sa bhliain 1666 bhog sé go Páras agus d'oibrigh sé sa Acadamh Eolaíochta na Fraince faoi pátrúnacht Laoiseach XIV na Fraince. Rinne sé níos mó staidéar ar an réalteolaíocht ag baint úsáid sa réadlann i bPáras.

Sa bhliain 1684 d'fhoilsigh sé "Astroscopia Compendiaria", a rinne chuir síos ar a teileascóip nua gan feadáin .

Bhog Huygens ar ais go dtí an Háig sa bhliain 1681 tar éis a bheith an-tinn. Fuair sé bás ansin ar 8 Iúil 1695.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).