Louis XIV na Fraince
B'é Laoiseach XIV nó mar is fearr aithne air, an "Grian-Rí"[1] (nó Louis-Dieudonné) (5 Meán Fómhair, 1638 – 1 Meán Fómhair, 1715) Rí na Fraince agus Rí Navarre ón 14 Bealtaine 1643 go lá a bháis.
Thugtaí
- "an Grian-Rí" (Le Roi Soleil as Fraincis) nó
- Louis Mór (Louis le Grand) nó
- An Monarc Mór (Le Grand Monarque)
ar Louis.
Chaith sé dhá bhliain déag is trí scór sa ríchathaoir, ní b'fhaide ná aon mhonarc eile san Eoraip ag an am.
Tús a Shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé ina Rí sular shlánaigh sé cúig bliana d'aois, ach ní bhfuair sé cumhachtaí an Rí i ndáiríre sular cailleadh an Príomh-Aire Jules Mazarin sa bhliain 1661.
Reiligiún agus Cogaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iomaí cogadh a chuir Louis XIV, cosúil leis an gCogadh Franc-Ollannach, Cogadh Léig Augsburg, agus Cogadh Chomharbas na Spáinne. Chaill na hÚgónaigh a gceart nuair a chealaigh Louis XIV in 1685 Fógra Nantes (1598).[2]
Ach bhí cúrsaí an-chasta ann ar fad.[3] Bhí an cogadh in Éirinn sna 1690idí ina chuid de choimhlint níos mó san Eoraip chun cur i gcoinne Louis XIV arbh é an rialtóir ba chumhachtaí san Eoraip é an tráth sin. Bhí Liam ag troid ar son cúis Phrotastúnach ós rud é go raibh sé ag cur i gcoinne Louis, a cheap gur rialtóir mór Caitliceach é féin agus go raibh sé i gcoinne an Phrotastúnachais. Ach bhí Pápa na Róimhe, a bhí i gcoimhlint le Louis an tráth sin, i measc lucht tacaíochta Liam.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig iscéime ar Louis agus fuair sé bás ar 1 Meán Fómhair 1715. Is éard a dúirt sé agus é ag fáil bháis ná: Tá mé ag imeacht anois, ach mairfidh an Stát i gcónaí (Fraincis: Je m'en vais, mais l'État demeurera toujours).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ""an Grian-Rí"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2019-09-01.
- ↑ Comhar (Iúil 2010). "Le Curé d'Ars. Comhar 70 (7), lch 18-19. Réamonn Ó Muireadhaigh.". Dáta rochtana: 2019.
- ↑ 100objects.ie. "King Williams Gauntlets". Dáta rochtana: 2019.
Is síol faoin Fhrainc é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |