Jules Mazarin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jules Mazarin (1602 - 1661), ina Chairdinéal, ag deireadh na 1650ídí. Do cumadh an pictiúr seo in atelier Phierre Mignard.

Taidhleoir agus státaire ab ea Jules Raymond Mazarin, nó an Cairdinéal Mazarin mar is fearr aithne air. Do rugadh i bPescina, áit a bhí fé smacht Ríocht Napoloi ag an am, ar an 14ú lá d'Iúil sa mbliain 1602, é. Do fuair sé bás i Vincennes na Fraince, ar an 9ú lá de Mhárta sa mbliain 1661.

D'oibrigh Mazarin don bPápacht ar dtús, mar fhear míleata agus mar thaidhleoir. Is de bharr na mblianta a chaith sé ag obair do rithe na Fraince - Louis XIII (Gaeilge: An Tríú Laoiseach Déag) agus Louis XIV (Gaeilge: An Ceathrú Laoiseach Déag) - gur bhain Mazarin áit i stair na hEorpa amach dó féin, áfach. Do bhí sé ina Phrincipal ministre d'État (Gaeilge: 'Phríomh-Aire Stáit') - .i. Príomh-Chomhairleoir Rí na Fraince - ón mbliain 1643 go dtí 1661, agus do bhí ról lárnach aige i neart eachtraí polaitiúla dá bharr san. Bhí Mazarin páirteach in ullmhúchán Chonarthaí Mhünster - a roinnt an Ísiltír idir an Spáinn agus na Cúigí Aontaithe - agus na bPiréiní - a chur deireadh leis an gcogadh siúd a thosnaigh idir an Spáinn agus an Fhrainc sa mbliain 1635 -, mar shampla.