Strataisféar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An chuid d'atmaisféar an Domhain os cionn an trópaisféir, ag tosú ag airde 8-16 km, mar a bhfuil an trópastad, suas go dtí airde 50 km. Tá an ciseal ózóin ag a bhun. Ar dtús fanann an teocht sa strataisféar tairiseach, agus ansin méadaíonn sé de réir mar a mhéadaíonn an airde, agus mar sin tá aer níos teo ina luí ar aer níos fuaire ann. Is cobhsaí an strataisféar mar sin, gan scamaill, gan ach meascadh mall ceartingearach den aer ann. De bharr an easpa measctha seo, má théann aon truailliú isteach ann, fanann sé ann ar feadh na mblianta, gafa ag an gciseal inbhéartaithe sa trópastad.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Strataisféar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 629.