Ciseal ózóin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ciseal ózóin
2019
2017

Aon bhlúire ózóin a tharlaíonn san atmaisféar, is é a nádúr tiubhú sa chuid ard den atmaisféar ar a dtugtar an luathstrataisféar, 15-30 km os cionn na talún. Tá tiúchan maith den ózón sa chiseal leathan sin. Imríonn an ciseal seo tionchar ar an ngrianradaíocht a thagann chugainn.

Is amhlaidh atá raon leathan tonnfhad nó dathanna, ón infridhearg dho-fheicthe trasna an raoin infheicthe go dtí an ultraivialait dho-fheicthe, sa radaíocht a fhágann dromchla te na Gréine. Ach ionsúnn an ciseal ózóin an-chuid den radaíocht ultraivialait, go mór mór na tonnfhaid ghearra ar a dtugtar ultraivialait-A is ultraivialait-B.

Is eol le fada go bhfuil na raoin ultraivialaite seo dochrach do dhaoine, ainmhithe is plandaí. Cuireann dáileog iomarcach de sa chraiceann tús le hailsí craicinn de shaghas meilanóma mharfaigh. Tarlaíonn catarachtaí sna súile de bharr an iomarca den radaíocht chéanna a dhul isteach iontu. Ar an ábhar sin is sciath cosanta bhunúsach é an ciseal ózóin don bheatha ar Domhan. Idir 1990-2010, tharla laghdú 50-75% i dtiúchan an ózóin os cionn na Mol, a dtugtar poill sa chiseal ózóin orthu. Cinneadh gur clórafluaracarbóin (CFCanna) a bhí astaithe ag daoine ba chiontach leis an ídiú tubaisteach seo.

bagairtí

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1987 shínigh 40 rialtas Dréachtchonradh Montréal chun táirgeadh, úsáid is astú CFCanna a ghearradh siar 50% faoi 2005, agus go hiomlán faoi 2010. Shínigh 180 tír an conradh ar deireadh. Thugadh Ceanada ceannasaíocht dhearfach dhomhanda maidir leis an mbáisteach aigéadach is truailliú an ózóin[1]. Feicfear amach anseo an dtiocfaidh an ciseal ózóin ar ais ina iomláine.

Tá a fhios agam go mbíonn daoine ag caint ar an chiseal ózóin agus ar an iarmhairt cheaptha teasa ach tá an cheist i bhfad níos bunúsaí ná na coincheapa eolaíochta sin – bíodh is go bhfuil a leithéid an-tábhachtach[2].[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ag scriosadh thimpeallacht Cheanada – Seán Ó Riain Dáta: 2011-10-18
  2. Cén praghas ar mheas ar an timpeallacht? An tUltach 86 (9), 27. Ciarán Mac Murchaidh. https://antultach.wordpress.com/
  3. Hussey, Matt (2011). "Ciseal ózóin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 140.