Radaíocht ultraivialait

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Radaíocht leictreamaighnéadach le tonnfhaid níos lú ná na tonnfhaid infheicthe, is é sin 200-400 nm. I 1801 d'fhionn an fisicí Gearmánach Johann Ritter (1776-1810) an radaíocht seo. Dofheicthe do radharc na súl, agus cuireann tús le fluairiseacht in ábhair áirithe. Gintear í le trasdul leictreon in adaimh, mar a tharlaíonn i lampaí díluchtúcháin mearcair. Is fochuid de radaíocht na Gréine í. Os cionn an atmaisféir tá an raon iomlán tonnfhad ultraivialait inti, ach asúnn an t-atmaisféar na tonnfhaid ghearra, agus is iad na tonnfhaid fhada 300-400 nm sa raon ultraivialait a shroicheann dromchla an Domhain. Roinneann na húdaráis idirnáisiúnta a bhíonn i mbun cosanta i gcoinne drochiarmhairtí radaíochta an raon ultraivialait i 3 fhobhanda — UVC (200-280 nm), UVB (280-315 nm), agus UVA (315-400 nm)—bunaithe ar iarmhairtí difriúla na raon seo ar fhíocháin ainmhithe is plandaí. Is í an radaíocht ultraivialait i solas na Gréine a thugann dath na Gréine ar chraiceann. Ach is eol le fada gur carcanaigin, cúis ailse chraicinn, na tonnfhaid is giorra de go háirithe a shroicheann dromchla an Domhain. Is measa an iarmhairt seo i gcás daoine gealchraicneacha, na Ceiltigh mar shampla, ná cuid mhaith daoine eile. Méadaíonn an dóchúlacht go mbuailfidh ailse chraicinn duine geal de réir mar a mhéadaíonn an fad ama a chaitheann sí/sé amuigh nochtaithe do sholas na Gréine. Cuireann an solas ultraivialait isteach ar na géinte i gcealla an chraicinn. Cuid de na cealla athraithe seo, maireann siad agus fásann go neamhrialta mar shiad ailse. Cuid eile, deisíonn siad iad féin agus leanann ar aghaidh mar is gnách. Ach cuid eile nach féidir leo iad féin a dheisiú, faigheann siad bás, rud a fhágann spás is deis do na cealla athraithe fás níos tapa fós. Meastar gur mar seo a tharlaíonn an fás fíorthapa i gcás meileanóma urchóidigh, an ailse chraicinn is marfaí ar fad. Mar sin, is tábhachtach craiceann geal a chosaint ar rónochtadh do sholas na Gréine. Déanann an ciseal ózóin UVB is UVC a scagadh amach, rud a chosnaíonn daoine, ainmhithe is plandaí ón mbaol seo, agus dá bharr seo is cúis imní an poll sa chiseal ózóin atá ag tarlú le blianta.